Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
NextGenerationEU

Ráiteas inrochtaineachta

Suíomh gréasáin NextGenerationEU

Is le hábhar a fhoilsítear ar an bhfearann seo a leanas a bhaineann an ráiteas seo: https://next-generation-eu.europa.eu/

Is í Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide (AS COMM) a bhainistíonn an suíomh gréasáin seo. Tá sé deartha lena úsáid ag an oiread daoine agus is féidir, daoine faoi mhíchumas ina measc.

Ba cheart go mbeifeá in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • zúmáil suas le 200% gan aon fhadhb
  • nascleanúint a dhéanamh ar an gcuid is mó den suíomh gréasáin gan ach méarchlár a úsáid
  • nascleanúint a dhéanamh ar an gcuid is mó den suíomh gréasáin trí úsáid a bhaint as léitheoir scáileáin nua-aimseartha agus bogearraí aitheantais urlabhra (ar do ríomhaire nó ar do ghuthán)

Tá an suíomh gréasáin seo deartha chun cloí leis an gcaighdeán teicniúil le haghaidh suíomhanna gréasáin agus aipeanna móibíleacha, mar atá EN 301 549, v.3.2.1. Tá sé sin ag teacht go dlúth le leibhéal ‘AA’ de na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG) leagan 2.1.

Stádas comhlíontachta

Tá an suíomh gréasáin seo i gcomhréir go páirteach le caighdeán teicniúil EN 301 549 v.3.2.1 agus leis na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG) 2.1 Leibhéal AA. Féach ‘Ábhar neamh-inrochtana’ chun tuilleadh sonraí a fháil.

Rinneadh an suíomh gréasáin a thástáil go deireanach an 18 Nollaig 2023.

Ullmhúchán an ráitis seo

Rinneadh athbhreithniú ar an ráiteas seo an 11 Nollaig 2023.

Tá an ráiteas bunaithe ar athbhreithniú a rinne saineolaí inrochtaineachta a bhfuil cáilíocht IAAP aige ar shampla ionadaíoch de leathanaigh ghréasáin, agus úsáid á baint as meascán de thástáil láimhe agus tástáil uathoibrithe chuige sin.

Aiseolas

Fáiltímid roimh aiseolas uait maidir le hinrochtaineacht an tsuímh gréasáin https://next-generation-eu.europa.eu/. Cuir in iúl dúinn é má thagann tú ar bhaic inrochtaineachta:

  • Fón: +32 2 298 11 93
  • Ríomhphost: COMM-NEXTGENERATIONEUatec [dot] europa [dot] eu (COMM-NEXTGENERATIONEU[at]ec[dot]europa[dot]eu)

Déanaimid iarracht freagra a thabhairt ar aiseolas laistigh de 15 lá gnó ón dáta a fhaigheann an roinn den Choimisiún atá freagrach an fiosrúchán.

Comhoiriúnacht le brabhsálaithe agus teicneolaíocht chúnta

Tá an suíomh gréasáin https://next-generation-eu.europa.eu/ deartha le bheith comhoiriúnach leis na teicneolaíochtaí cúnta caighdeánacha is mó a úsáidtear seo a leanas:

  • an leagan is déanaí de na brabhsálaithe Google Chrome, Microsoft Edge, Mozilla Firefox agus Apple Safari;
  • in éineacht leis na leaganacha is déanaí de NVDA, VoiceOver agus TalkBack.

Sonraíochtaí teicniúla

Braitheann inrochtaineacht an tsuímh gréasáin https://next-generation-eu.europa.eu/ ar na teicneolaíochtaí seo a leanas chun oibriú leis an meascán ar leith de bhrabhsálaí gréasáin agus d’aon teicneolaíochtaí cúnta nó breiseáin atá suiteáilte ar do ríomhaire:

  • HTML
  • WAI-ARIA
  • CSS
  • JavaScript

Ábhar neamh-inrochtana

In ainneoin na n-iarrachtaí is fearr atá déanta againn chun an inrochtaineacht ar an suíomh gréasáin https://next-generation-eu.europa.eu/ a chinntiú, táimid ar an eolas faoi roinnt lochtanna agus táimid ag obair chun iad a réiteach. Anseo thíos tá cur síos ar na lochtanna atá ar eolas againn agus ar na réitigh a d’fhéadfadh a bheith orthu. Déan teagmháil linn má thagann tú ar fhadhb nach bhfuil liostaithe thíos.

Na lochtanna a cuireadh ar ár súile dúinn maidir leis an suíomh gréasáin https://next-generation-eu.europa.eu/:

  1. Inrochtaineacht an roghchláir nascleanúna: Ní dhearnadh códú mar is ceart ar ábhar ar leith don eispéireas is fearr trí léitheoir scáileáin a úsáid. Tá sé beartaithe againn an fhadhb sin a réiteach faoi mhí an Mhárta 2024. ​
  2. Ordlathas na gCeannteideal: Ní leanann roinnt ceannteideal ordlathas na gceannteideal i gceart, rud a d’fhéadfadh fadhbanna a chruthú d’úsáideoirí léitheoirí scáileáin. Tá sé beartaithe againn an méid sin a réiteach faoi mhí an Mhárta 2024.
  3. Léarscáileanna idirghníomhacha: Níl na léarscáileanna idirghníomhacha inrochtana ag daoine a bhfuil lagú radhairc orthu, ná ag úsáideoirí a bhíonn ag brath ar an nascleanúint méarchláir. Tá sé beartaithe againn an fhadhb sin a réiteach faoi mhí an Mhárta 2024.
  4. Fotheidil físeán: Níl fotheidil ar fáil ar roinnt dár gcuid físeán. Tá obair leanúnach ar siúl againn chun iad a chur le níos mó físeán.
  5. Seinnteoir físe – inrochtaineacht méarchláir: Táimid ar an eolas faoi roinnt fadhbanna le hinrochtaineacht méarchláir ár seinnteora físe (ní féidir na saigheadeochracha a úsáid chun bogadh ó theanga go chéile agus teanga na bhfotheideal á roghnú ón roghchlár. Ní féidir é sin a dhéanamh ach amháin leis an gcnaipe TAB).