Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
NextGenerationEU
© EU
NextGenerationEU

Fíoraímis í

Fíoraímis í

Agus béim ar 6 phríomhréimse, tá tionscadail infheistíochta NextGenerationEU ceaptha chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Borradh a chur faoin aistriú glas trí fhuinneamh in-athnuaite, soghluaisteacht inbhuanaithe agus tuilleadh a chur chun cinn
  • Dlús a chur leis an aistriú digiteach trí dhigitiú níos fearr a dhéanamh ar sheirbhísí poiblí agus ar an ngeilleagar i gcoitinne
  • An bonneagar sóisialta agus na seirbhísí sóisialta a threisiú, agus éagothromaíochtaí críochacha á laghdú ag an am céanna
  • Feabhas a chur ar rochtain ar ardoideachas agus ardoiliúint maidir le scileanna a bhaineann le geilleagar na todhchaí
  • Tacú le fás cuimsitheach, taighde agus forbairt, agus nuálaíocht do chách
  • Seirbhísí cúraim sláinte atá nua-aimseartha, éifeachtúil agus inrochtana a chinntiú.

Féach leat an chaoi a bhfuil tíortha ar fud an Aontais ag obair go dian chun tionscadail infheistíochta uaillmhianacha a dhéanamh i do réigiún féin (Fíoraímis í). 

Déanaimis Glas í

Beidh an tAontas Eorpach ina cheannródaí maidir le gníomhú ar son na haeráide ach is féidir le gach duine a chion féin a dhéanamh: tríd an gcóras iompair phoiblí a úsáid nó rothaíocht a dhéanamh, trí níos mó glasraí agus níos lú feola a ithe, trí earraí athláimhe a cheannach agus trí nithe a athchúrsáil agus a athúsáid.

Sin agat NextGenerationEU. Déanaimis Glas í!

Déanaimis Digiteach í

Tá cúrsaí oiliúna ar líne á maoiniú ag an Aontas ionas gur féidir le gach duine, idir óg agus aosta, a scileanna digiteacha a fheabhsú. Táimid ag cabhrú le gnólachtaí beaga agus meánmhéide dul ar líne. Agus táimid ag cinntiú go mbeidh rochtain níos fearr ag daoine ar an ríomhoideachas.

An bhfuil suim agat ann? Glac páirt i seisiún oiliúna, aimsigh printíseacht i dteicneolaíochtaí digiteacha agus féach leat conas a bheith sábháilte ar líne.

Le NextGenerationEU táimid réidh chun an Eoraip a dhéanamh digiteach, an mbeidh tú linn?

Déanaimis Folláin í

Le chéile is féidir linn an Eoraip a dhéanamh níos folláine. Ní le bearta móra amháin a dhéanfar sin áfach. Is mór an cuidiú é aiste mhaith bia agus aclaíocht rialta lenár bhfolláine coirp agus intinne a fheabhsú.

Le NextGenerationEU, táimid réidh chun an Eoraip a dhéanamh folláin. An mbeidh tú linn?

Déanaimis Láidir í

Ach tá an tAontas Eorpach ag cabhrú le go leor earnálacha teacht chucu féin chomh maith. Táimid ag cur go mór leis an tacaíocht atá ann ar fud an Aontais don turasóireacht, don chultúr agus do na healaíona ionas go mbeidh siad níos digití agus níos inbhuanaithe.

Faigh amach conas is féidir le tacaíocht ón Aontas cabhrú leat leanúint le do chuid oideachais nó an post is ansa leat a aimsiú. Féach na deiseanna atá ar fáil faoi Erasmus+ agus faoi Ráthaíocht an Aontais don Aos Óg. Faigh amach cén tacaíocht atá ar fáil chun do ghnólacht a dhéanamh níos glaise agus níos digití.

Le NextGenerationEU táimid réidh chun an Eoraip a dhéanamh láidir, an mbeidh tú linn?

Déanaimis Cothrom í

Is ionann comhionannas freisin agus deiseanna eacnamaíocha agus sóisialta do chách. Le NextGenerationEU táimid ag cur leis na deiseanna fostaíochta atá ann do dhaoine faoi mhíchumas agus dóibh siúd atá ina gcónaí i gceantair thuaithe agus iargúlta nó i gceantair faoi mhíbhuntáiste. Táimid ag cabhrú le níos mó daoine tithíocht shásúil a fháil. Agus táimid ag infheistiú in oideachas ionchuimsitheach do pháistí, beag beann ar chúlra nó cúinsí, nó ar na riachtanais speisialta atá acu.

Is féidir le gach duine a chion féin a dhéanamh – trí chomhionannas deiseanna a chur chun cinn agus dúshlán an idirdhealaithe agus na fuathchainte a thabhairt, ar líne agus as líne.

Le NextGenerationEU táimid réidh chun Eoraip a thógáil a fhóireann do gach duine, an mbeidh tú linn?