Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
NextGenerationEU
  • Alt nuachta
  • 18 Meán Fómhair 2024
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 5 nóiméad

Lámh Chúnta: Árasáin Sheirbhísithe do Sheanóirí sa tSlóivéin

Serviced Apartments for Seniors in Slovenia

Tá NextGenerationEU, pacáiste uaillmhianach spreagtha an Aontais, ag cuidiú chun an comhtháthú sóisialta agus críochach a fheabhsú, chomh maith leis an athléimneacht shóisialta agus institiúideach, trí infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail iomadúla ar fud na hEorpa. I Velenje na Slóivéine, tá infheistíocht €950,000 leithdháilte ar árasáin sheirbhísithe a thógáil do sheanóirí, árasáin ina gcuirtear áiseanna den chéad scoth, bealach maireachtála neamhspleách agus cáilíocht saoil níos fearr ar fáil do chónaitheoirí. 

Rinneadh coimpléasc árasán seirbhísithe Žarova, a chuir bardas Velenje i gcrích i mí Mheán Fómhair 2023, a chómhaoiniú trí NextGenerationEU, le cistiú ón Aontas a chabhraigh chun 12 aonad cónaithe nua-aimseartha a fhorbairt lena leagtar béim ar an neamhspleáchas, sábháilteacht agus gaireacht leis an bpobal áitiúil agus le baill teaghlaigh in aice láimhe. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi, labhair muid leis na cónaitheoirí Ivo Terzić Pavić, Fani Pašić agus Marija Vegan. 

Cén fáth a ndearna tú iarratas cónaí in árasáin sheirbhísithe Žarova? 

ITP: Agus mé i m’fhear óg chuir mé fúm i Velenje, agus tá mo pháistí agus mo theaghlach fós ina gcónaí anseo. Ní raibh aon rún agam bogadh per se, ach ní raibh ardaitheoir san fhoirgneamh ina raibh cónaí orm roimhe seo ar an tríú hurlár agus bhí sé ag éirí níos deacra an staighre a dhreapadh. Tá ardaitheoir i gcoimpléasc Žarova, rud a bhí an-oiriúnach domsa. 

FP: B’amhlaidh domsa é. Sular bhog mé go dtí árasáin Žarova, bhí cónaí orm ar an gceathrú hurlár de bhloc árasán gan aon ardaitheoir. Bhí deacrachtaí agam le mo shláinte, mar sin bhí a fhios agam go raibh áiseanna níos fearr ag teastáil uaim. Chuir na hárasáin sheirbhísithe anseo timpeallacht atá níos sábháilte agus atá feistithe níos fearr ar fáil dom.  

MV: I mo chás-sa, ba i dteach a bhí mé i mo chónaí, agus thosaigh mé ag mothú go raibh mé scoite amach ó dhaoine eile. Braithim i bhfad níos sábháilte anseo. Tá fón ar leith againn le haghaidh éigeandálaí agus tá comharsana agus cairde timpeall orainn, rud a thugann suaimhneas intinne dom. Sílim go bhfuil an rud ceart á dhéanamh ag údaráis áitiúla agus ag an Aontas agus iad ag díriú ar thionscnaimh mar seo, toisc go dtugann siad braistint slándála do chónaitheoirí scothaosta. 

“Sílim go bhfuil an rud ceart á dhéanamh ag údaráis áitiúla agus ag an Aontas agus iad ag díriú ar thionscnaimh mar seo, toisc go dtugann siad braistint slándála do chónaitheoirí scothaosta.” 

– Marija Vegan, Cónaitheoir de chuid Žarova 

Cén ghné den saol i gcoimpléasc Žarova is fearr leat? 

ITP: Mothaím go bhfuil an saol níos sábháilte agus níos éasca anois, táim buíoch as a bheith in ann maireachtáil anseo. Is é an rud is fearr faoi ná go bhfuil áiseanna san fhoirgneamh do dhaoine de m’aois-se, ach is féidir linn maireachtáil go neamhspleách fós. Is féidir liom dul chuig na siopaí áitiúla liom féin, mar shampla. Is sampla iontach é an tionscadal den chaoi ar féidir airgead poiblí a úsáid ar mhaithe le saoránaigh de m’aois-se. 

FP: Is é an chuid is fearr faoi domsa gur féidir liom a bheith cóngarach do mo theaghlach. Tá mé fós i dtimpeallacht a bhfuil aithne agam uirthi, ach anois tá an méid atá de dhíth orm ar fáil dom. Tá seomra caidrimh san fhoirgneamh freisin inar féidir linn bualadh le chéile. Mholfainn do dhaoine eile dul i mbun cónaí in árasáin sheirbhísithe freisin. 

MV: Táimse ag teacht leis an méid sin. Tá sé iontach a bheith gar do mo theaghlach. Is féidir liom a bheith gar do mo pháistí agus do mo gharpháistí, agus is féidir linn moltaí a dhéanamh. Tugann oibrithe sóisialta cuairt orainn uair sa mhí go bhfeicfidh siad an bhfuil aon rud ag teastáil uainn. Cuireann siad nasc díreach ar fáil freisin leis an Teach áitiúil do Chúram Aosach, áit ar féidir linn lón a bheith againn agus freastal ar ranganna freisin. 

“Is sampla iontach é an tionscadal den chaoi ar féidir airgead poiblí a úsáid ar mhaithe le saoránaigh de m’aois-se.” 

– Ivo Terzić Pavić, Cónaitheoir de chuid Žarova 

An gceapann tú go dtiocfaidh athrú dearfach ar an bpobal mar thoradh ar thionscadail den chineál seo? 

ITP: Sílim go bhfuil sin ag tarlú cheana féin. Ó cuireadh an coimpléasc árasán seo i gcrích, tógadh tionscadal den chineál céanna in aice láimhe. Bheadh sé go deas dá mbeadh níos mó árasán seirbhísithe ar fáil sa cheantar, mar go dtabharfadh sé sin deis do dhaoine eile maireachtáil i dtimpeallacht álainn shábháilte mar seo. 

FP: Tá súil le Dia agam go dtiocfaidh. Tá sé thar a bheith tábhachtach, de réir mar a théann tú in aois, a bheith in ann fanacht i do phobal féin, gar de do theaghlach. Ba mhaith liom go dtabharfaí faoi thionscadail eile den chineál céanna. 

MV: Tá mise den tuairim chéanna. Sílim go bhfuil sé go hiontach go bhfuil an bardas ag freastal ar dhaoine scothaosta inár bpobal agus ag iarraidh ár gcáilíocht saoil a chothabháil.  

Níl in ionad árasán seirbhísithe Žarova ach ceann amháin den iliomad tionscadail atá á gcómhaoiniú le cabhair ó chistiú NextGenerationEU sa tSlóivéin. Léiríonn sé toil agus tiomantas na n-údarás áitiúil agus náisiúnta i dtaobh cúram nuálach atá comhfhiosach go sóisialta a chur ar fáil do shaoránaigh agus iad ag dul in aois, agus é mar aidhm acu todhchaí níos cuimsithí a thógáil. A bhuí, i bpáirt, le cistí NextGenerationEU, tá nuálaíochtaí den sórt sin i réimse an chúraim shóisialta fós á gcur i bhfeidhm. 

Sonraí

Dáta foilsithe
18 Meán Fómhair 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Location
  • An tSlóivéin