Is féidir le gach duine againn cabhrú chun an aeráid a chosaint. An tomhaltas fuinnimh a laghdú sa bhaile nó an carr a fhágáil i leataobh agus léim ar an rothar, sin cúpla bealach ar féidir linn ar fad ár bpáirt féin a imirt chun dul i ngleic leis an athrú aeráide.
Tá an Coimisiún Eorpach agus UEFA, Aontas Chumainn Sacair na hEorpa, ag dul i gcomhar le chéile chun feasacht a chur chun cinn maidir le tosaíochtaí fuinnimh agus aeráide an Aontais. Chruthaíomar fógra teilifíse chun daoine a spreagadh le céimeanna laethúla a ghlacadh a chabhróidh le dul i ngleic leis an athrú aeráide agus leis an ngéarchéim fuinnimh araon. Soilse a mhúchadh agus an teas a laghdú, sin dhá rud a chuideoidh linn fuinneamh a shábháil agus ár dtomhaltas fuinnimh a laghdú.
Feicfidh faoine an fógra ar an teilifís agus i staideanna sacair san Aontas Eorpach agus níos faide i gcéin. Tá an fógra á thaispeáint le linn chomórtais chlub uile-Eorpach na bhfear agus na mban de chuid UEFA mar aon le comórtais na bhfoirne náisiúnta dá chuid, cuir i gcás Sraith Curadh UEFA na bhFear agus na mBan le linn an tséasúir 2022-23.
Tá an comhfhiontar seo mar chuid de thiomantas UEFA don Chomhshocrú Aeráide Eorpach – tionscnamh atá á reáchtáil ar fud an Aontais agus a iarrann ar dhaoine, ar phobail agus ar eagraíochtaí páirt a ghlacadh sa ghníomhú ar son na haeráide agus Eoraip níos glaise a chothú. Faigh amach conas is féidir leat a bheith i d’Ambasadóir le haghaidh an Chomhshocraithe Aeráide.