Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
NextGenerationEU

Déanaimis Glas Í

Le NextGenerationEU, táimid ag cur tús le leagan nua glas den Eoraip. Leagan den Eoraip a rachaidh chun sochair don duine agus don phláinéad araon.

Tá ar a laghad 30% den Phlean Téarnaimh NextGenerationEU agus de bhuiséad seacht mbliana an Aontais curtha ar leataobh chun an t-athrú aeráide a chomhrac agus chun tacú le tionscadail ghlasa. Seo iad na príomhréimsí a mbeidh muid ag tabhairt tús áite dóibh sna blianta atá le teacht. Déanaimis glas í!

Ár lorg carbóin a laghdú

Fuinneamh glan

Le NextGenerationEU, tá muid ag cuidiú le tíortha san Aontas aistriú chuig fuinneamh glan atá bunaithe den chuid is mó ar fhoinsí inathnuaite atá slán inacmhainne. Táimid ag cur tús le rabharta athchóirithe uile-Aontais chun tithe príobháideacha agus foirgnimh phoiblí a dhéanamh níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de agus chun cuidiú le níos mó daoine a bheith in acmhainn a dtithe a théamh. Cuirfidh teicneolaíocht ghlas dhigiteach ar ár gcumas dúinn cathracha na hEorpa a uasghrádú chun iad a dhéanamh cliste, le córais téimh agus soilsiúcháin atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de, córais soláthar uisce uirbeacha agus saoráidí diúscartha dramhaíola atá nuálach.

Iompar inbhuanaithe

Beidh an taisteal agus an t-iompar níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol. Táimid ag méadú agus ag feabhsú bonneagar rothaíochta agus ag déanamh tuilleadh infheistíochta i líonraí iompair phoiblí, mar shampla línte ardluais iarnróid ar fud na hEorpa. Tá aerárthaí móra agus soithí muirí a bhfuil astaíochtaí nialasacha acu á bhforbairt againn, mar shampla longa agus tancaeir. Táimid ag cothú an aistrithe chuig carranna leictreacha agus ag déanamh deimhin de go bhfuil a dhóthain pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe ann ar fud na hEorpa.

Ní hamháin go gcuideoidh na hinfheistíochtaí sin linn ár spriocanna aeráide a bhaint amach, cruthóidh siad poist ghlasa don todhchaí freisin, rud a threiseoidh ár ngeilleagair agus a chuideoidh linn feabhas a chur ar cháilíocht saoil mhuintir uile na hEorpa.

Ár gcomhshaol a chosaint

An dúlra agus an bhithéagsúlacht

Táimid ag cosaint níos mó limistéar ar tír agus ar muir ar fud na hEorpa, mar aon lenár mbithéagsúlacht shaibhir. Táimid ag dul i ngleic leis na príomhchúiseanna le cailliúint na bithéagsúlachta agus ag obair i dtreo uisce, aer agus ithir a bheith saor ó thruailliú faoi 2050. Táimid ag cur feabhas ar chainníocht agus cáilíocht ár bhforaoisí, ag neartú a n-athléimneachta in aghaidh an athraithe aeráide agus ag cur chun cinn geilleagar foraoise atá níos inbhuanaithe, an éiceathurasóireacht san áireamh, chun a chinntiú nach bhfágfar ceantair iargúlta agus a bpobail ar an trá fholamh. Lena chois sin táimid ag seoladh plean athchóirithe dúlra le haghaidh éiceachóras agus bogach a díghrádaíodh i gcaitheamh na mblianta.

Tomhaltas inbhuanaithe

Táimid ag feabhsú an bhainistithe dramhaíola agus ag cur borradh faoin ngeilleagar ciorclach idir phlaisteach, theicstílí, cheallraí agus fheithiclí. Táimid ag déanamh deimhin de go mbeidh sé de cheart agat do chuid earraí leictreacha a dheisiú agus, nuair a bheidh tú réidh leo, go mbeidh sé d’acmhainn agat iad a athchúrsáil. Táimid ag cur faisean inbhuanaithe chun cinn agus ag tacú le hionaid ar fud na hEorpa inar féidir leat foghlaim faoin gcaoi le do chuid earraí a uasghrádú agus dóigh nua a chur orthu.

Cuideoidh athruithe den sórt sin linn an comhshaol a chosaint agus ár spriocanna aeráide a bhaint amach. Ní hamháin sin ach cuirfidh siad feabhas ar shláinte agus ar cháilíocht saoil mhuintir uile na hEorpa freisin.

Todhchaí ár mbia

Bia folláin inbhuanaithe

Le NextGenerationEU agus Ón bhFeirm go dtí an Forc, táimid ag déanamh deimhin de go mbeidh rochtain ag cách ar bhia atá slán agus sláintiúil agus go mbeidh a dhóthain de ann. Táimid ag spreagadh daoine le haiste bia fholláin inbhuanaithe a leanúint agus an cur amú bia a laghdú. Táimid ag forbairt scéim lipéadaithe bia a thugann le fios an áit arb as do tháirge, cén luach cothaitheach atá aige agus an tionchar comhshaoil agus sóisialta atá aige. Tá níos mó á infheistiú againn sa taighde agus sa nuálaíocht lena chinntiú go bhfuil córas bia athléimneach againn atá oiriúnach don todhchaí.

An fheirmeoireacht agus an iascaireacht

Táimid ag cuidiú le feirmeoirí aistriú chuig an bhfeirmeoireacht orgánach, rud a chuideoidh chun lorg carbóin ár mbia a laghdú, an comhshaol a chosaint agus an bhithéagsúlacht a chaomhnú. Táimid ag infheistiú sa taighde agus sa teicneolaíocht chun an fheirmeoireacht a dhéanamh níos éifeachtúla, chun an t-uisciú a nuachóiriú, agus chun roghanna malartacha neamhcheimiceacha ar lotnaidicídí a fhorbairt. Agus táimid ag tacú leis an iascaireacht inbhuanaithe agus leis an dobharshaothrú inbhuanaithe, rud a chuirfidh borradh faoin ngeilleagar gorm.

Cuideoidh athruithe den sórt sin linn ár spriocanna aeráide a bhaint amach. Ní hamháin sin ach cuideoidh siad chun deiseanna nua a chruthú le haghaidh tomhaltóirí, feirmeoirí, iascairí agus thionscadal an bhia.

Eoraip níos glaise do chách

Ba mhaith linn go mbeidh gach duine páirteach i dtodhchaí ghlas na hEorpa agus go mbainfidh siad tairbhe aisti. Sin an fáth a bhfuilimid ag infheistiú tuilleadh airgid sa taighde agus sa nuálaíocht chun freagairt ar an ngéarchéim aeráide agus chun tuilleadh cosanta a dhéanamh ar bhithéagsúlacht na hEorpa agus ar na gnáthóga atá faoi bhagairt.

Chun aistriú cothrom cóir a chinntiú do chách, táimid ag slógadh níos mó infheistíochtaí glasa ná riamh agus ag cur deiseanna scilithe agus athscilithe ar fáil chun cuidiú le hoibrithe agus le gnólachtaí a bheith rathúil sa gheilleagar glas. Ina theannta sin táimid ag déanamh deimhin de go dtarlaíonn an t-aistriú chuig geilleagar aeráidneodrach ar bhealach atá cothrom agus nach bhfágann duine ar bith ar lár, a bhuí lenár Sásra um Aistriú Cóir.

Comhar idirnáisiúnta

Is maith is eol dúinn nach féidir linn bagairt dhomhanda an athraithe aeráide a réiteach ach trí chomhoibriú lenár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta. Dá bhrí sin táimid ag obair le rialtais eile chun spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach. Táimid ag tacú le tíortha atá i mbéal forbartha ina n-iarrachtaí chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Agus tá ceannaireacht á léiriú againn sa chaoi a bhfuilimid ag leagan síos spriocdhátaí maidir le haeráidneodracht agus ag moladh do rialtais eile an rud céanna a dhéanamh. Oibreoimid as lámh a chéile chun a chinntiú go mbeidh an domhan níos glaise sa todhchaí.

Comhpháirtíocht idir an tAontas agus UEFA

Níos mó ná riamh, táimid ag tarraingt aird ar shaincheisteanna glasa. Sin an fáth a ndeachaigh muid i bpáirt le UEFA, Aontas Chumainn Sacair na hEorpa, le haghaidh feachtas trí bliana maidir leis an ról is féidir linn ar fad a imirt chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Tuilleadh eolais faoinár bhfeachtas comhpháirteach le UEFA.

Conas is féidir leat páirt a ghlacadh?

Is iomaí bealach ar féidir leat cuidiú chun an todhchaí a dhéanamh níos glaise, mar shampla an córas iompair phoiblí a úsáid nó rothaíocht a dhéanamh, níos mó glasraí agus níos lú feola a ithe, earraí athláimhe a cheannach agus rudaí a athchúrsáil agus a athúsáid.

Is féidir leat páirt a ghlacadh sa Chomhshocrú Aeráide Eorpach freisin, tionscnamh lena gcuidítear le pobail bearta a chomhroinnt agus a chur i bhfeidhm chun an t-athrú aeráide a chomhrac, sin nó páirt a ghlacadh sa Ghealltanas maidir le Tomhaltas Glas, tionscnamh lena spreagtar gnólachtaí le bheith níos neamhdhíobhálaí don aeráid, cuir i gcás trína lorg carbóin a laghdú nó trí tháirgí níos inbhuanaithe a tháirgeadh. Chomh maith leis sin is féidir leat smaointe maidir le hailtireacht atá inbhuanaithe agus neamhdhíobhálach don aeráid a chomhroinnt trínár dtionscnamh Bauhaus Eorpach Nua.