Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
NextGenerationEU
  • Alt nuachta
  • 20 Feabhra 2025
  • Lucsamburg
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 4 nóiméad

Scíth agus Téarnamh: Pointí Luchtaithe EV i Lucsamburg

A bhuí le hinfheistíochtaí agus maoiniú spriocdhírithe a cuireadh ar fáil trí NextGenerationEU, seoladh tionscadail éagsúla ar fud na hEorpa chun borradh a chur faoin bhfás inbhuanaithe agus chun dlús a chur leis an aistriú glas. Bíodh siad mór nó beag, áitiúil nó náisiúnta, tá siad ceaptha chun freastal ar riachtanais an phobail, freastal ar an éileamh méadaitheach agus teicneolaíochtaí níos glaine a thabhairt isteach ar mhaithe le stíl mhaireachtála níos inbhuanaithe. Tá na pointí luchtaithe d’fheithiclí leictreacha (EV) a suiteáladh ar shuíomh Europacamping taobh le hanaclann dúlra Nommerlayen, Lucsamburg, mar chuid de thionscnamh náisiúnta ar fiú €30.5 milliún é, agus níl iontu ach sampla amháin den chaoi a ndéanann athruithe beaga difear mór. 

Tá Europacamping suite i gceantar coillearnaí gar do bhaile Nommern, i gcantún Mersch, agus is ceann scríbe saoire é do theaghlaigh ó 1973. Gach rud a mbeifeá ag súil leis ó shaoráid champála nua-aimseartha, cuirtear ar fáil é, ó thithe soghluaiste agus tailte campála go láithreacha súgartha agus linnte snámha. Go dtí le déanaí, áfach, ní raibh áit ag úinéirí feithiclí leictreacha chun a gcuid cadhnraí a athluchtú ar an láthair. Ach tháinig athrú air sin ar fad in 2023, nuair a chinn bainisteoirí an ionaid champála an iliomad pointí luchtaithe úrscothacha a shuiteáil i gcarrchlós an ionaid saoire, rud a fhágann gur féidir le daoine ar saoire a bhfeithiclí a luchtú 24 uair an chloig.  

Labhraíomar le bainisteoirí an ionaid champála Eline Buehre agus Richard Miny chun tuilleadh eolais a fháil: 

Cén spreagadh a bhí agaibh chun na pointí luchtaithe a shuiteáil?  

EB: Tá méadú suntasach tagtha ar úsáid feithiclí leictreacha i Lucsamburg le blianta beaga anuas. Chonaiceamar an méadú a bhí ag teacht ar líon na ngluaisteán leictreach inár gcarrchlós ó bhliain go bliain. Tá ár n-ionad campála suite i gcroílár an nádúir, rud a chiallaíonn go bhfuilimid airdeallach ar shaincheisteanna comhshaoil. Le himeacht ama, thángamar ar an gconclúid go mbainfeadh ár gcustaiméirí tairbhe as pointí luchtaithe a bheith acu ar an láthair, agus thabharfadh sé an deis dúinn ár gcion a dhéanamh ar son an chomhshaoil. Shuiteálamar iad cúpla bliain ó shin, agus anois táimid in ann níos mó áisiúlachta agus seirbhís níos iomláine a chur ar fáil do dhaoine ar saoire.  

RM: Bhí cúnamh airgeadais á thairiscint ag an rialtas do ghnólachtaí cosúil lenár gceannsa chun pointí luchtaithe a shuiteáil. Dá bhrí sin, ní raibh costas róthrom orainn, ó tharla go bhfuil an bonneagar sin costasach le suiteáil. I ndeireadh na dála, is rud eile é anois a dhéanann áit ar leith dár n-ionad campála. Cabhraíonn sé linn eispéireas saoire ár gcustaiméirí a fheabhsú agus freastal ar a n-ionchais inbhuanaitheachta. Táimid ar an eolas faoi na buntáistí a bhaineann le soghluaiseacht ghlan don nádúr agus don chomhshaol araon, agus sa deireadh thiar, is cuid lárnach iad den mhéid a chuirimidne ar fáil. Ag an am céanna, feabhsaíonn na pointí luchtaithe ár n-íomhá, toisc gur féidir le custaiméirí a fheiceáil go dtacaímid leis an aistriú chuig fuinneamh níos glaine. 

‘[A bhuí le] Cúnamh airgeadais chun pointí luchtaithe a shuiteáil... ní raibh costas róthrom orainn, ó tharla go bhfuil an bonneagar sin costasach le suiteáil.’  

– Richard Miny, Bainisteoir an Ionaid Champála ag Europacamping 

Ar bhain buntáistí ar bith eile leis? 

EB: Sílim gurb iad áisiúlacht agus iarrachtaí comhshaoil na príomhbhuntáistí, agus chuidigh an deontas linn é seo a bhaint amach. Aontaím le Richard go bhfeabhsaíonn na pointí luchtaithe íomhá an ionaid champála, mar táimid bródúil an tseirbhís seo a thairiscint agus cuirimid ar taispeáint go feiceálach iad ar ár suíomh gréasáin. Ach brabhsáil ar ár leathanach gréasáin, gheobhaidh daoine saoire ionchasacha a thiomáineann feithiclí leictreacha amach go tapa nach bhfuil pointí luchtaithe EV ach ar cheann den iliomad áiseanna a chuirimid ar fáil.  

RM: Suiteáil na bpointí luchtaithe, bhí sé mar chuid d’iarracht níos leithne chun cabhrú linn ár dtomhaltas fuinnimh a bhainistiú ar bhealach níos fearr. Ónar shuiteálamar iad, bhíomar níos feasaí faoin gcaoi a raibh fuinneamh á chaitheamh againn, agus i gcásanna áirithe, á chur amú againn, agus d’fhoghlaimíomar conas é sin go léir a laghdú. Mar thoradh air sin, d’éirigh linn athruithe breise a dhéanamh in áiteanna eile agus tá laghdú thart ar 10% tagtha ar ár gcostais fuinnimh fhoriomlána in aghaidh na bliana.  

‘Tá laghdú thart ar 10% tagtha ar ár gcostais fuinnimh fhoriomlána in aghaidh na bliana.’ 

– Richard Miny, Bainisteoir an Ionaid Champála ag Europacamping 

Is fiú €250 milliún Plean Téarnaimh agus Athléimneachta (RRP) Lucsamburg atá á mhaoiniú ó NextGenerationEU, agus díríonn os cionn 80% dá thionscnaimh ar an aistriú chuig fuinneamh glan agus ar chuspóirí a bhaineann leis an aeráid. Agus luach €30.5 milliún i gceist leis, tá cúnamh airgeadais ar fud na tíre do ghnólachtaí a shuiteálann pointí luchtaithe feithiclí leictreacha i measc thionscadail shuaitheanta an phlean. Is léiriú ar fhóntacht na ndeontas sin é an rath a bhí air ag ionad campála Europacamping, agus dhearbhaigh bainisteoirí an ionaid champála gur minic nach mbíonn sa tacaíocht sin ach an méid atá ag teastáil chun difríocht a dhéanamh agus chun athrú fóinteach a thionscnamh. 

Sonraí

Dáta foilsithe
20 Feabhra 2025
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Áit
Lucsamburg
Location
  • Lucsamburg