
Is tír í an Eastóin a bhfuil uaillmhian shuntasach aici. Is sna hathchóirithe agus sna hinfheistíochtaí i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta (RRP) na hEastóine atá an fhianaise is fearr den uaillmhian sin, mar a ndírítear maoiniú NextGenerationEU dar luach €953,000,000 i dtreo líon mór de thionscnaimh mhisniúla. Tosaíocht ard ar chlár oibre na tíre is ea an t-aistriú chuig fuinneamh glan, arb é atá i gceist leis a soláthairtí fuinnimh a éagsúlú, infheistíocht a dhéanamh i bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh, agus deireadh a chur de réir a chéile le fuinneamh díobhálach amhail scealla ola. De réir mar a aistríonn an Eastóin i dtreo inbhuanaitheacht níos fearr, tá soghluaisteacht níos glaine ina tosaíocht freisin, mar is léir ó thramlíne Sheanchaladh Thaillinn.
Go deimhin, tá an tramlíne nua ar thionscadail shuaitheanta an phlean maidir leis an mbonneagar; stráice 2.5km d’iarnród éadrom a cuireadh i seirbhís i mí na Nollag 2024, le hinfheistíocht €36,500,000 ó NextGenerationEU. I gcás go leor daoine i bpríomhchathair na hEastóine, bhí an líne nua ag teastáil go dóite, toisc go nascann sí Seanchaladh na cathrach (agus leis sin, naisc farraige le náisiúin Nordacha eile) le mol Rail Baltica i lár na cathrach, leis an stáisiún traenach réigiúnach agus le hAerfort Thaillinn. I measc na gcuspóirí eile, tá sé d’aidhm ag an tionscadal an brú tráchta agus an truailliú aeir a laghdú sa chathair trí mhodh iompair níos inbhuanaithe a chur ar fáil, rud a chuirfidh feabhas ar cháilíocht saoil na gcónaitheoirí.
Chun tuilleadh a fhoghlaim, labhraíomar le pleanálaí agus ailtire uirbeach, Jaak-Adam Looveer, chomh maith le cónaitheoir agus comaitéir áitiúil, Kaur Orgusaar:
An díol sásaimh an tramlíne nua i dTaillinn?
J-AL: D’fhéadfá a rá gurb ea! Le tramlíne an tSeanchalaidh tá conair iompair lán-chomhtháite againn anois a chuireann go leor deiseanna ar fáil, agus bhí ról tábhachtach ag maoiniú ón Aontas sa scéal. Chuir an líne nua feabhas ar idirnascthacht an iompair laistigh dár gcathair. Cuireann an Seanchaladh naisc farantóireachta ar fáil do chinn scríbe Nordacha eile, mar atá Heilsincí, agus nascann an tramlíne an crios sin le críochfort Rail Baltica Ülemiste, críochfort a rachaidh i dtábhacht de réir mar a théann an t-ollthionscadal sin chun cinn. Comh maith leis sin, nascann sé an Seanchaladh le lár na cathrach, leis an stáisiún traenach lárnach agus leis an aerfort, rud a fhágann gur cuid ríthábhachtach de thírdhreach bhonneagar Thaillinn é.
KO: Mar dhuine a bhfuil cónaí air i dTaillinn, dar liom féin gur athrú ó bhonn atá ann. Téann sé go mór chun tairbhe don chathair. Tá cónaí orm féin i lár na cathrach agus bhíodh sé deacair an caladh a bhaint amach, agus an t-aerfort fiú, i ngeall nach raibh aon tramlíne dhíreach ann. Leis an trambhealach nua is féidir liom taisteal go compordach agus go héasca chuig ceachtar den dá áit sin. Tá roinnt mhaith taistil i gceist le mo chuid oibre, rud a fhágann gur mór an leas dom féin é, go háirithe. Má chaithfidh mé dul ar eitilt nó ar bhád farantóireachta, is féidir liom sin a dhéanamh go héasca. Go ginearálta, laghdaíonn an tram an gá atá le carr agus ba cheart go spreagfadh sé níos mó cónaitheoirí i dTaillinn chun iompar poiblí a úsáid seachas an carr. Is cinnte go laghdóidh sé sin an brú tráchta.
‘Tá conair iompair lán-chomhtháite againn anois a chuireann go leor deiseanna ar fáil, agus bhí ról tábhachtach ag maoiniú ón Aontas sa scéal.’
– Jaak-Adam Looveer, pleanálaí uirbeach agus ailtire
Ó thaobh an chomhshaoil de, an mbeidh tionchar dearfach aige?
J-AL: Beidh, gan amhras. Mar a luaigh Kaur, bealach atá sa líne nua chun úsáid an iompair phoiblí a spreagadh chomh maith. Nuair a bhíonn naisc iompair na cathrach scartha óna chéile, mar a bhíodh sa chás seo, bíonn roinnt daoine ann nach mbaineann an oiread céanna úsáide astu. Cónaitheoir i limistéar amháin nach féidir leis dul chuig limistéar eile laistigh de thréimhse ama réasúnta ar bhus nó ar thram, is mó an seans gur sa charr a rachaidh an duine sin. Sin fadhb a bhí ann sa chathair, agus iarmhairtí diúltacha aici maidir le brú tráchta, truailliú aeir, agus ar deireadh thiar, atmaisféar na cathrach. Óna thaobh sin de, is fearr a éiríonn le cathracha ina bhfuil gréasáin iompair níos comhtháite mar tagann laghdú ar an truailliú torainn agus aeir agus téann sé chun tairbhe don tsláinte phoiblí i ngeall nach bhfuil an oiread céanna carranna ná plódú tráchta ann.
KO: Aontaím leis sin. Cé nach saineolaí ar chúrsaí an chomhshaoil mé, is maith an rud é go bhfuil Taillinn ag aistriú sa treo céanna le príomhchathracha eile na hEorpa. Téann sé chun tairbhe do chách an t-iompar poiblí a fhorbairt agus saol saor ó charranna a chur chun cinn sa chathair. Dar liom féin gur céim i dtreo todhchaí níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol é, agus cáilíocht saoil níos fearr do na cónaitheoirí uirbeacha. Is maith an rud é do cháil Thaillinn freisin, ós rud é go léiríonn sé gur cathair nua-aimseartha í atá in ann coinneáil suas leis an saol mór. Ó thaobh leathnú Thaillinn de, sílim go gcuirfidh sé borradh nua faoi limistéar an tSeanchalaidh mar áit le cónaí inti. Go dtí seo bhí an chomharsanacht seo beagán ró-scoite amach le bheith tarraingteach.
‘Mar dhuine a bhfuil cónaí air i dTaillinn, dar liom féin gur athrú ó bhonn atá ann. Téann sé go mór chun tairbhe don chathair.’
– Kaur Orgusaar, cónaitheoir agus comaitéir i dTaillinn
Ní haon ionadh é, b’fhéidir, go bhfuil béim ar leith á leagan i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta (RRP) na hEastóine ar an inbhuanaitheacht agus ar an aistriú chuig fuinneamh glan. In éineacht le maoiniú trí Phlean REPowerEU, tacaíonn NextGenerationEU leis an náisiún Baltach seo a spleáchas ar sheanfhoinsí fuinnimh a laghdú agus aistriú chuig foinsí in-athnuaite fuinnimh. Cé go bhfuil cuma lag ar an nasc, tá loighic chomhchosúil i gceist le tramlíne Seanchaladh Thaillinn. Cuireann sí feabhas ar an meascán iompair atá sa chathair faoi láthair, agus trí dhéanamh amhlaidh, cuireann sí bealach maireachtála níos glaine agus níos fearr ar fáil do mhuintir na cathrach. Níl ann ach gné amháin de mheascán níos leithne, lena dtugtar léargas ar thír atá ag bogadh ar aghaidh agus ag déanamh dul chun cinn.
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 20 Bealtaine 2025
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
- Location
- An Eastóin