Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
NextGenerationEU
  • Alt nuachta
  • 1 Iúil 2024
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 4 nóiméad

Barróg Theolaí: Téamh, insliú agus cáilíocht saoil níos fearr sa tSeicia

Tá tionscnaimh a thacaíonn leis an aistriú chuig fuinneamh glan agus leis an bhfás inbhuanaithe cuimsitheach á maoiniú ar fud na hEorpa ag NextGenerationEU. Tríd an bpacáiste spreagtha atá maoinithe ag an Aontas, tá an tSeicia ag caitheamh €360 milliún chun borradh a chur faoin bhfuinneamhéifeachtúlacht i bhfoirgnimh chónaithe. Tar éis maoiniú a fháil le haghaidh aimsirdhíonta agus inslithe, tá cónaitheoirí bhloc cónaithe SVJ Revoluční in Frýdek-Místek ag baint leas as maireachtáil nua-aimseartha mar is ceart faoi dheireadh. 

Tógadh an foirgneamh ocht stór i lár an 20ú haois agus tháinig drochbhail air le blianta beaga anuas, amhail sceitheadh leanúnach agus drochinsliú. A bhuí le hiasacht bhainc, maoiniú NextGenerationEU agus acmhainní comhthiomsaithe trí chumann na n-úinéirí tí, rinneadh é a athchóiriú in 2023. Thug cónaitheoir áitiúil, Anna Kamenišťáková, agus cathaoirleach chumann na n-úinéirí tí, Zbyněk Pětník, léargas dúinn. 

Ar chuir na hathchóirithe feabhas ar cháilíocht saoil na gcónaitheoirí?  

AK: Chuir, go cinnte! Gan an t-insliú nua, bheimis sioctha sa deireadh. Sa gheimhreadh ba ghnách linn an t-árasán a théamh gan stad agus bhí sin an-daor go deo. Bhí sceitheadh ina ábhar imní freisin, toisc go raibh damáiste á dhéanamh don fhoirgneamh i ngeall ar shileadh agus fágadh limistéir an íoslaigh faoi uisce dá bharr. Ó rinneadh an t-athchóiriú, tá sé níos taitneamhaí a bheith i do chónaí anseo sa gheimhreadh agus sa samhradh araon. 

ZP: Tá na hárasáin níos compordaí anois, ar ndóigh, ach is é an coigilteas costais an buntáiste is mó. Roimhe sin bhí ar chónaitheoirí níos mó agus níos mó a chaitheamh ar a mbillí teasa i ngeall ar dhrochinsliú, mar tháinig méadú as cuimse ar na costais le blianta beaga anuas. Rinne an t-insliú nua difríocht mhór. Measaimid go sábhálfaidh cónaitheoirí thart ar 20% ar a mbillí teasa.  

‘Ó rinneadh an t-athchóiriú, tá sé níos taitneamhaí a bheith i do chónaí anseo sa gheimhreadh agus sa samhradh araon.’  

– Anna Kamenišťáková, cónaitheoir áitiúil 

An raibh aon dúshlán ann agus an tionscadal á chur ar bun?  

AK: Bhí sé deacair ag an tús toisc gur réadmhaoin faoi chomhúinéireacht é an foirgneamh, mar sin b’éigean dúinn teacht ar chomhaontú. Tá ocht n-urlár sa bhloc agus go leor áititheoirí ann. Bhí drogall ar chuid acu ar dtús, agus chuir cuid eile acu ina choinne, ach a luaithe a thuig siad na buntáistí a bhaineann le hinsliú níos fearr agus an méid damáiste a bhí á dhéanamh mar gheall ar an sceitheadh, tháinig athrú intinne orthu. 

ZP: Bhí roinnt cónaitheoirí ann ar ghá áitiú orthu. I mo cháil mar chathaoirleach ar chumann na n-úinéirí tí, déanaim plé a éascú agus comhdhearcadh a chur chun cinn. Leis na hathchóirithe, rinneadh an foirgneamh a aimsirdhíonadh agus tá sé níos fuinneamhéifeachtúla dá bharr, ach is amhlaidh a bhaineann costas leis an méid sin. Ar ámharaí an tsaoil, d’fhág an maoiniú ón Aontas nach raibh iasacht chomh mór sin de dhíth orainn le haghaidh an athchóirithe. Bhí go leor cruinnithe againn, d’éisteamar leis na hábhair imní a bhí ag gach duine, agus thángamar ar chomhaontú ar deireadh.  

‘Ar ámharaí an tsaoil, d’fhág an maoiniú ón Aontas nach raibh iasacht chomh mór sin de dhíth orainn le haghaidh an athchóirithe.’  

– Zbyněk Pětník, cathaoirleach Chumann na nÚinéirí Tí 

Seachas borradh a chur faoin bhfuinneamhéifeachtúlacht agus deireadh a chur le sceitheadh, an raibh buntáistí eile ann? 

AK: Tá sé níos ciúine anois. Tá sráid ghnóthach thíos faoi agus ollmhargadh mór trasna an bhóthair. Ba ghnách linn a lán tráchta a chloisteáil, ach tá na fuinneoga nua i bhfad níos fearr chun é seo a chealú. Tá an foirgneamh níos deise freisin. Bhogamar isteach san árasán seo i 1983, agus tháinig meath mór ar an bhfoirgneamh ó shin. Roimh an athchóiriú, ba ghnách linn a bheith ag magadh go raibh an foirgneamh cosúil le nead éin gan dóigh. Tá cuma níos gile agus níos glaine air anois. 

ZP: Dar liom go bhfuil an ceart ar fad ag Anna Kamenišťáková. Is spásanna níos teo, níos compordaí agus níos ciúine iad na na hárasáin le maireachtáil iontu anois. Tá cuma níos fearr ar an bhfoirgneamh agus is fearr a fheidhmíonn sé. Táimid go léir sásta leis an toradh. 

Tá tionscadail amhail athchóirithe SVJ Revoluční ar siúl ar fud na Seicia. Léiríonn siad cuid de phríomhthosaíochtaí NextGenerationEU go cuí; borradh a chur faoin gcuimsiú sóisialta agus críochach, dálaí maireachtála a fheabhsú, agus dlús a chur leis an aistriú glas. Trí infheistíocht chliste spriocdhírithe a dhéanamh in insliú agus i ngnéithe struchtúracha, tá bloic thithíochta den sórt sin ag éirí níos fuinneamhéifeachtúla, níl siad chomh diomailteach céanna, agus tá siad ina n-eiseamláirí níos fearr de thodhchaí níos inbhuanaithe. 

Sonraí

Dáta foilsithe
1 Iúil 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Location
  • An tSeicia