Ar fud na hEorpa, trí NextGenerationEU, tá infheistíocht á déanamh i dtionscadail lena gcuirtear an t-aistriú chuig fuinneamh glan, an digitiú, an fás cuimsitheach agus tuilleadh chun cinn. Go deimhin, le pacáiste spreagtha €800 billiún an Aontais Eorpaigh, leagtar síos an bhunchloch do thodhchaí níos glaise agus níos inbhuanaithe. San Ostair, is scéim tacaíochta teaghlaigh é tionscadal amháin den sórt sin chun teicneolaíocht in-athnuaite a chur in ionad córais téimh breosla iontaise, téitheoirí bithmhaisbhunaithe, teaschaidéil agus nascóirí le téamh ceantair ina measc.
Fuair scéim náisiúnta tiontaithe téimh na hOstaire (‘raus aus Öl und Gas’) maoiniú breise €159 milliún trí NextGenerationEU, rud a chuideoidh le teaghlaigh phríobháideacha agus le gnólachtaí ar fud na tíre aistriú chuig córais téimh atá níos glaine agus níos éifeachtúla. Tá Markus agus Sonja Ehrnstorfer, a fhaigheann deontais, ina gcónaí i dteaghlach ilghlúine i réigiún stairiúil Salzkammergut. Chomhroinn siad a dtaithí ar aistriú a dhéanamh ó ola agus connadh chuig teaschaidéal aerfhoinse.
An raibh sé éasca an deontas a fháil?
ME: Bhí, le bheith macánta! Bhí sé i bhfad ní ba thapúla ná mar a cheapamar. Chuamar i gcomhairle le soláthraithe éagsúla seirbhísí téimh, fuaireamar meastachán a bhí laistigh den tairseach mhaoinithe, chuireamar ár n-iarratas ar dheontas isteach, agus chuireamar tús leis an bpróiseas. Nuair a cuireadh an t-iarratas isteach agus nuair a ceadaíodh é, d’oibrigh na húdaráis áitiúla in Bad Ischl leis an soláthraí a roghnaíomar agus chlúdaigh na fóirdheontais cion de na costais fhoriomlána suiteála.
SE: San am atá caite, bhí roinnt cúnamh airgeadais ann chun cabhrú le teaschaidéal a shuiteáil, ach is i ngeall ar an deontas is déanaí a bheartaíomar leanúint ar aghaidh leis an bpróiseas. Agus muid ag breathnú thart, d’fhiafraíomar ar oibrigh teaschaidéil aerfhoinse go héifeachtúil, mar tá radaitheoirí againn ar fud an tí agus bhí sé tábhachtach dúinn na leibhéil teasa chéanna agus a bhí againn roimhe seo a choinneáil. Chuir siad go leor eolas luachmhar ar fáil dúinn.
“San am atá caite, bhí roinnt cúnamh airgeadais ann chun cabhrú le teaschaidéal a shuiteáil, ach is i ngeall ar an deontas is déanaí a bheartaíomar leanúint ar aghaidh leis an bpróiseas.”
– Sonja Ehrnstorfer, duine de mhuintir na háite
Seachas an tacaíocht airgeadais, cad a spreag sibh chun an t-athrú a dhéanamh?
ME: Go bunúsach, bhíomar ag iarraidh ár saol a dhéanamh níos éasca. Roimhe seo, b'éigean dúinn dul ag ransú san fhoraois chun adhmad tine a fháil, ach bhí obair ag baint leis sin, agus chuir sé imní orainn nach mbeadh dóthain spás stórála againn. Bhí ceisteanna comhshaoil ann chomh maith. Leis an gcóras nua, ní dhóitear ola ná adhmad tine. Níl aon mhúch ag teacht ónár dteach níos mó agus tá coinneáil teasa i bhfad níos fearr ann. Rinneamar cuid den teach a insliú arís.
SE: Maidir liom féin freisin, ba iad na hargóintí ba láidre a éasca a bhí an córas le húsáid agus coinneáil teasa. Tá sé an-éasca an córas nua a rialú. San am atá caite, sular thángamar abhaile, ba ghnách linn a sheiceáil an raibh na seantuismitheoirí ann cheana féin ionas go bhféadfaidís an teas a chur ar siúl sular fhilleamar. Toisc nach bhfuil ola ná adhmad tine a stóráil a thuilleadh, tá níos mó spáis againn nach raibh rochtain againn air roimhe.
“Is iad na príomhbhuntáistí atá ann compord, áisiúlacht agus gnóthachain chomhshaoil.”
– Markus Ehrnstorfer, duine de mhuintir na háite
An gceapann tú go bhféadfadh an réigiún ina iomláine tairbhe a bhaint as an scéim?
ME: Dá n-athródh níos mó daoine a gcórais téimh, sílim go bhféadfadh sé dul chun tairbhe do cháilíocht an aeir; go háirithe i gceantair uirbeacha, cosúil le Vín. Is iad na príomhbhuntáistí atá ann compord, áisiúlacht agus gnóthachain chomhshaoil.
SE: D’athraíomar an córas téimh i mí Mheán Fómhair 2022. Le himeacht ama, thugamar faoi deara an difríocht i ndáiríre. Is bealach níos éifeachtúla é chun ár dteach a choinneáil te i rith an lae agus sílim go mbainfeadh daoine sa réigiún, nó níos faide i gcéin fiú, tairbhe mhór as sin. Ná déanaimis dearmad go bhfuil rátáil mhaith fuinnimh ag éirí níos tábhachtaí na laethanta seo, mar sin is dreasacht iontach é cúnamh deontais.
Tá tacaíocht don aistriú glas i measc phríomhchuspóirí NextGenerationEU, agus sin an chúis ar roghnaigh an Ostair maoiniú a chuirtear ar fáil tríd an scéim a úsáid chun cabhrú le saoránaigh agus iad ag aistriú chuig fuinneamh níos glaine. A bhuí leis na fóirdheontais atá ar fáil, baineann daoine amhail Markus agus Sonja tairbhe as cúnamh airgeadais a bhfuil fáilte roimhe agus, ag an am céanna, cuireann siad go díreach le todhchaí níos glaine do chách.
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 17 Meitheamh 2024
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
- Location
- An Ostair