
Tríd an ionstraim mhaoiniúcháin NextGenerationEU, tá iasachtaí agus deontais faighte ag an Iodáil dar luach beagán os cionn €194 bhilliún, rud a fhágann go bhfuil Plean Téarnaimh agus Athléimneachta (RRP) uaillmhianach forleathan aici. I measc nithe eile, infheistíodh na cistí sin i dtionscadail a fhéachann le feabhas a chur ar an gcomhtháthú sóisialta agus críochach, fás inbhuanaithe a shaothrú agus athléimneacht institiúideach a fheabhsú. Tá €500,000,000 ar a laghad leithdháilte ar thionscadal a bhfuil sé d’aidhm aige ‘patrúin neamhspleáchais do dhaoine faoi mhíchumas’ a threisiú. Tá Lucia, cónaitheoir sa Róimh a bhfuil Siondróm Down uirthi, ar na daoine sin a bhainfidh leas as an scéim.
Faoin tionscnamh tá Lucia ina cónaí in árasán faoi úinéireacht chathair na Róimhe. In éineacht le rannpháirtithe eile a bhfuil sainriachtanais éagsúla acu, bíonn sí ag malartú a tréimhse fanachta sna háitribh chónaithe a chuireann bardas Vitinia ar fáil, thart ar 25 nóiméad ón bpríomhchathair. Tugann an tionscadal an chéad bhlaiseadh den mhaireachtáil neamhspleách do thairbhithe, agus gach árasán curtha in oiriúint dá riachtanais shonracha. I roinnt cásanna rinneadh gnéithe ailtireachta nó bacainní a bhaint nó a choigeartú dá réir. I gcásanna eile cuireadh áiseanna uathoibrithe isteach, rud a éascaíonn saol laethúil na gcónaitheoirí.
Chun tuilleadh eolais a fháil, labhraíomar le Paola Siino, oifigeach teicniúil a oibríonn le Cathair na Róimhe, atá ar na daoine atá freagrach as an tionscadal ‘Maireachtála Neamhspleáiche’ a chur i bhfeidhm:
Cad é cuspóir an tionscadail?
PS: Tá tionscadal ‘Maireachtála Neamhspleáiche’ na Róimhe ar cheann amháin de shraith acu a seoladh ar fud na tíre le cuidiú ón rialtas agus le maoiniú ón Aontas. Tá an sprioc chéanna acu go léir, is é sin neamhspleáchas daoine faoi mhíchumas a fheabhsú. Trí spásanna a athchóiriú agus a oiriúnú ar thaobh amháin, agus réitigh TFC agus oiliúint a chur ar fáil ar an taobh eile, is mian linn céad chéimeanna na dtairbhithe i dtreo an neamhspleáchais a éascú. Ar fud na hIodáile is é an cuspóir foriomlán atá ann cúnamh a thabhairt do 5,000 duine faoi mhíchumas ar a laghad faoi dheireadh mhí an Mhárta 2026.
Tá tionscadal ‘Maireachtála Neamhspleáiche’ na Róimhe ar cheann amháin de shraith acu a seoladh ar fud na tíre le cuidiú ón rialtas agus le maoiniú ón Aontas.
– Paola Siino, Oifigeach Teicniúil, Cathair na Róimhe
Ní ar thithíocht amháin a dhíríonn an tionscnamh, mar sin?
PS: Ní hea. Borradh a chur faoi scileanna na dtairbhithe, sin cuid thábhachtach eile den tionscnamh, agus béim a chur ar scileanna digiteacha go háirithe. Ar deireadh, is mian linn neamhspleáchas na rannpháirtithe a fheabhsú ar gach bealach, arb iad na háitribh chónaithe agus na scileanna an dá phríomhcholún. Tabharfaidh cláir oiliúna an deis dóibh deiseanna gairmiúla agus breisoideachas a shaothrú, agus ba cheart go gcuirfidís bealach ar fáil chun ioncam agus slí bheatha a bhaint amach. Ar an dóigh sin, trí fheabhas a chur ar scileanna na dtairbhithe cuideofar chun a neamhspleáchas fadtéarmach a chinntiú lasmuigh den tithíocht amháin.
‘Ar fud na hIodáile is é an cuspóir foriomlán atá ann cúnamh a thabhairt do 5,000 duine faoi mhíchumas ar a laghad faoi dheireadh mhí an Mhárta 2026.’
– Paola Siino, Oifigeach Teicniúil, Cathair na Róimhe
Ar éirigh leis an tionscadal?
PS: Sílim gur éirigh. Táimid an-sásta leis na torthaí go dtí seo, ach tá níos mó oibre le déanamh. Thosaíomar le ‘Casa Vitinia’ in 2022 inar athraíomar áitreabh mór ina dhá árasán chun freastal ar 12 dhuine. Chuireamar rochtain ar fáil ar chláir oiliúna ionas go bhféadfadh tairbhithe a n-uaillmhianta foghlama a bhaint amach. Tháinig go leor tionscadal sna sála air sin ar fud na hIodáile. Is iomaí constaic a bhíonn roimh dhaoine faoi mhíchumas ina saol laethúil, mar sin tá gá le scéimeanna mar seo. Cuireann siad bealach ar fáil i dtreo stíl mhaireachtála níos uathrialaithí agus níos taitneamhaí. Chun an méid sin a chur i gcrích, tá maoiniú ón rialtas agus ón Aontas ríthábhachtach.
Mar a deir Paola, tá an tionscadal ‘Maireachtála Neamhspleáiche’ arna dhéanamh ag Cathair na Róimhe ar cheann den líon mór tionscnamh den chineál céanna a seoladh a bhuí le maoiniú NextGenerationEU. Mar chuid d’iarracht níos leithne chun cáilíocht saoil agus comhionannas deiseanna a fheabhsú do dhaoine faoi mhíchumas, is cuid shuntasach de Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta (RRP) na hIodáile iad tionscadail den sórt sin. Léiríonn siad an ról lárnach atá ag an gcuimsitheacht inár n-aistriú comhroinnte chuig todhchaí níos cothroime. I ndeireadh na dála, is sochaí níos comhtháite í sochaí atá níos cuimsithí agus níos comhbháiche; agus tá NextGenerationEU ag cuidiú chun an méid sin a chur chun tosaigh.
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 19 Márta 2025
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
- Location
- An Iodáil