
Chun borradh a chur faoi chomhtháthú sóisialta agus críochach, agus dlús a chur leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, tá fáilte á cur roimh na nuachóirithe atá á ndéanamh ar áiseanna éagsúla pobail ar fud na hEorpa trí NextGenerationEU. Tá stáisiún iarnróid nuachóirithe Domžale na Slóivéine i measc go leor tionscadail uaillmhianacha atá ag baint leas as maoiniú tríd an bpacáiste spreagtha €800 billiún, agus tá áiseanna atá inrochtana ag cathaoireacha rothaí chomh maith le híosbhealach atá sábháilte do choisithe i measc na bpríomhthosaíochtaí atá ann.
Tá Domžale suite díreach 12 chiliméadar ó phríomhchathair na Slóivéine, agus tá sé ina chuid de chrios comaitéireachta ríthábhachtach Ljubljana, ach tháinig meath ar líne iarnróid Kamnik le blianta beaga anuas. Le hinfheistíocht €7.2 milliún trí NextGenerationEU, bhí an deis ann stáisiún Domžale a uasghrádú go teicniúil agus inrochtaineacht agus sábháilteacht a fheabhsú. Chun tuilleadh eolais a fháil labhraíomar leis an mBainisteoir Suímh Zoran Račič agus le comaitéir Mojca Robas.
Cén chaoi a bhfuil tú nasctha leis an tionscadal agus ar éirigh leis?
ZR: Tá mé ag obair d’Iarnród na Slóivéine le 38 mbliana anuas, agus chuidigh mé le lóistíochtaí a chomhordú agus seirbhísí bus eile a shocrú do chomaitéirí nuair a bhí na hathchóirithe ar siúl. Dar liom féin, is í an tsábháilteacht an t-éacht is mó a baineadh amach leis an tionscadal. Roimhe sin, ba mhinic daoine ag trasnú ar na rianta de shiúl na gcos, ach leis an íosbhealach nua, tá rochtain níos sábháilte acu go háirithe sa ré seo d’fhóin phóca agus de rudaí a d’fhéadfadh aird daoine a chur ar seachrán.
MR: Tá cónaí orm in Domžale agus téim chuig an obair ar an traein gach lá. Is áit níos nua-aimseartha agus níos deise é an stáisiún nua, ach aontaím gurb iad an tsábháilteacht agus an inrochtaineacht na feabhsuithe is mó. Leis an íosbhealach agus na hardaitheoirí atá inrochtana do chathaoireacha rothaí, tá rochtain éasca ag daoine a bhfuil soghluaisteacht laghdaithe orthu ar an stáisiún, rud atá ríthábhachtach chun cuimsitheacht níos fearr a bhaint amach.
“Leis an íosbhealach agus na hardaitheoirí atá inrochtana do chathaoireacha rothaí, tá rochtain éasca ag daoine a bhfuil soghluaisteacht laghdaithe orthu ar an stáisiún, rud atá ríthábhachtach chun cuimsitheacht níos fearr a bhaint amach.”
– Mojca Robas, duine atá ina cónaí san áit
Ar fhág an tionscadal lorg buan ar an áit?
ZR: Tá súil agam go spreagfaidh an t-athchóiriú in Domžale cinnteoirí, ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal náisiúnta, chun tuilleadh athchóirithe ar stáisiúin iarnróid a bhrú chun cinn in áiteanna eile. Tá an bonneagar thar a bheith tábhachtach do phobail cosúil linne, agus tá obair ag teastáil ar líne Kamnik ar fad. San fhadtéarma, is é an toradh a bhíonn ag tionscadail den sórt sin go cruthaítear poist áitiúla agus go mealltar daoine óga ar ais i dtreo na hearnála.
MR: Creidim freisin gur féidir le bonneagar níos fearr agus nascacht mhéadaithe infheistíocht nua a mhealladh agus poist a chruthú. Téann sin chun tairbhe don phobal áitiúil agus don gheilleagar, cuireann sé borradh faoin tsoghluaisteacht, agus meallann sé daoine chuig an gceantar. I ndeireadh na dála, is féidir le tionscadail mar seo brú tráchta a laghdú agus cáilíocht an aeir a fheabhsú, mar sin sílim go mbeidh tionchar dearfach buan aige.
“San fhadtéarma, is é an toradh a bhíonn ag tionscadail den sórt sin go cruthaítear poist áitiúla agus go mealltar daoine óga ar ais i dtreo na hearnála.”
– Zoran Račič, Bainisteoir Suímh ag Iarnróid na Slóivéine
Tá an t-athchóiriú ar iarnród Domžale ar cheann den iliomad tionscadal a rinneadh sa tSlóivéin a bhuí leis an maoiniú €2.7 billiún a cuireadh ar fáil trí NextGenerationEU, ach is follasach suntasach an tionchar atá aige ar an leibhéal áitiúil. Dhírigh an tionscadal ar shábháilteacht, inrochtaineacht agus teicneolaíocht níos fearr, agus is é an toradh atá air stáisiún traenach nua-aimseartha cuimsitheach a fhreastalaíonn ar riachtanais mhuintir na háite sa deireadh thiar.
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 17 Meitheamh 2024
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
- Location
- An tSlóivéin