
Faoi NextGenerationEU, tá infheistíochtaí fairsinge á ndéanamh ag an bPortaingéil ar bhonn náisiúnta chun an bonneagar a nua-aoisiú, poist a chruthú agus tabhairt faoi dhúshláin shóisialta agus chomhshaoil. €22.2 billiún atá i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta (RRP) na tíre lenar díríodh cistí ar roinnt tionscadal, ina measc sin infheistíocht ar mhórscála in acmhainní chun dóiteáin foraoise faoin tuath a chomhrac, fadhb atá ag dul i méad sa tír Atlantach sin. De thoradh ar an €89,000,000 a thug an tAontas Eorpach dó, rinneadh lárionaid oibríochtaí a thógáil nó a athchóiriú agus fuarthas héileacaptair, innealra, feithiclí agus trealamh bunriachtanach.
Ar ndóigh, cuireadh fáilte mhór roimh na hinfheistíochtaí. I measc na mBallstát, is sa Phortaingéil a tharlaíonn an líon is airde de dhóiteáin foraoise ar bhonn bliantúil ar an meán agus is aici atá an sciar is mó de limistéar dóite dá thoradh sin. I ngeall air sin, tá an-phráinn le borradh a chur faoi acmhainní na tíre chun dul i ngleic le bagairtí den sórt sin agus cosaint orthu. A bhuí le maoiniú ón rialtas agus ón Aontas, bhí aerfhórsa na tíre in ann cúig héileacaptar buamadóra éadroma agus sé héileacaptar buamadóra meánmhéide a fháil, rudaí atá á n-úsáid chun cosc dóiteán a chomhordú agus tacú leis. Cuirfear tuilleadh aerárthaí ar fáil in 2026, rud a chuirfidh tuilleadh feabhais ar an acmhainneacht.
Chun níos mó a fhoghlaim, labhraíomar leis an gCaptaein Pedro Bola ó Aerfhórsa na Portaingéile agus d’inis sé a thuairimí dúinn:
Ar chuir sé feabhas ar na hiarrachtaí comhraic dóiteáin aerárthaí nua a fháil?
PB: Chuir, gan amhras. Trí infheistíocht a dhéanamh i sócmhainní aeir nua, tá neartú déanta ar ár bhflít agus dá thoradh sin tá an comhrac dóiteáin níos sábháilte agus níos éifeachtúla dúinne atá gníomhach sa réimse. Is captaein mé le Scuadrún 552 in Aerfhórsa na Portaingéile. Is é an t-aonad s’againne atá freagrach as comhordú aeir agus iarrachtaí comhraic dóiteáin nuair a thosaíonn falscaithe, agus ar an drochuair is minice atá siad sin ag tarlú le blianta beaga anuas. Leis an maoiniú breise, bhíomar in ann héileacaptair AW119 Koala a fháil, a bhfuil teicneolaíocht ar thús cadhnaíochta iontu agus lenar féidir linn aeraitheantas den chéad scoth agus comhordú den chéad scoth a dhéanamh i gcás dóiteán foraoise. Anois go bhfuil níos mó héileacaptar againn ar an bhflít, is ullmhaithe sinn ná riamh roimhe.
‘Trí infheistíocht a dhéanamh i sócmhainní aeir nua, tá neartú déanta ar ár bhflít agus dá thoradh sin tá an comhrac dóiteáin níos sábháilte agus níos éifeachtúla.’
– An Captaein Pedro Bola, Aerfhórsa na Portaingéile
Cén fáth a bhfuil sé ríthábhachtach infheistíocht a dhéanamh in acmhainní den sórt sin?
PB: Cuidíonn an infheistíocht sna hacmhainneachtaí comhraic dóiteáin linn cosc a chur ar thubaistí nádúrtha méadú as cuimse. Ar deireadh thiar, ach níos mó acmhainní a bheith againn, is féidir linn idirghabháil ar dhóigh níos tapa agus níos éifeachtúla in éineacht leis na haonaid talún, agus sábhálann an méid sin beatha daoine agus coisceann sé loscadh ár dtalún. Má tá srian lenár n-acmhainneachtaí, is amhlaidh a laghdaítear ár gcumas srian a choinneáil ar dhóiteán foraoise, agus cuirtear beatha agus tithe daoine i mbaol, chomh maith leis an bhfiadhúlra áitiúil, dá thoradh sin. An méid a chuireann ár n-aonaid le hiarrachtaí comhraic dóiteáin, tá sé feabhsaithe trí shócmhainní aeir nua a fháil, agus ní féidir sin a bhaint amach ach amháin má chuirtear cistí leordhóthanacha ar fáil.
‘Bhí ról lárnach ag cistí an Aontais maidir le borradh a chur faoinár n-acmhainní le déanaí.’
– An Captaein Pedro Bola, Aerfhórsa na Portaingéile
An bhfuil maoiniú ón Aontas tábhachtach a mhéid a bhaineann le hiarrachtaí chun dóiteáin a chosc?
Bhí ról lárnach ag cistí an Aontais maidir le borradh a chur faoinár n-acmhainní le déanaí. Is brainse neamhspleách d’Fhórsaí Armtha na Portaingéile é Aerfhórsa na Portaingéile agus dá bhrí sin braitheann sé ar mhaoiniú stáit le haghaidh oibríochtaí agus cothabhála. Is féidir leis an Aontas rannchuidiú go mór sa réimse sin, agus is amhlaidh an cás trí Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta (RRP) ár dtíre. I bhfianaise a choitianta atá falscaithe ag amanna áirithe den bhliain, creidim gur gá dúinn leanúint de bhorradh a chur faoin infheistíocht. Trí níos mó acmhainní a chur ar fáil do chabhlaigh aeir agus talún araon, cuideofar linn comhordú níos fearr a dhéanamh agus dóiteáin foraoise a cheansú ar bhealach níos éifeachtaí. Tá an maoiniú ón Aontas ina chuid thábhachtach de sin cheana féin.
Mar a dhearbhaíonn Pedro, cuireann an infheistíocht i dtacaíocht aeir trí NextGenerationEU cuidiú iontach ar fáil do na hiarrachtaí comhraic dóiteáin sa Phortaingéil. Cé nach bhfuil ann ach ceann amháin de go leor réimsí ar roghnaigh an tír tús áite a thabhairt dóibh lena RRP, tá an tábhacht a bhaineann leis ag méadú agus falscaithe ag creachadh ceantair thuaithe bliain i ndiaidh bliana. Má chuirtear borradh faoi acmhainneachtaí trí shócmhainní aeir a fháil, ní hamháin go n-éascófar an comhar idir aonaid aeir agus talún agus go mbeidh cosc dóiteáin níos éifeachtúla, ach sábhálfar beatha daoine agus cosnófar slite beatha chomh maith. Ina theannta sin, léiríonn sé tiomantas na tíre dul i ngleic leis an tsaincheist seo, ar mhaithe le sochaí na Portaingéile agus leis an gcomhshaol i gcoitinne.
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 16 Aibreán 2025
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
- Location
- An Phortaingéil