Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
NextGenerationEU
  • Alt nuachta
  • 17 Meitheamh 2024
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 6 nóiméad

Cúrsaí Sláinte: Ag Tacú le Cúram Sláinte Pobail i gCeantair Thuaithe na hOstaire

NextGenerationEU, pacáiste spreagtha an Aontais Eorpaigh dar luach €800 billiún, ag déanamh infheistíocht i dtionscnaimh fhorleathana ar fud na hEorpa. Trí chistiú atá spriocdhírithe go cúramach, tugtar cumhacht do thíortha borradh a chur faoina ngeilleagair agus faoina sochaithe, dlús a chur leis an aistriú glas, agus feabhas a chur ar chúram sláinte agus ar athléimneacht institiúideach, i measc nithe eile. Ar fud na hOstaire, fostaíodh na céadta altraí pobail ar leibhéal bardasach mar thoradh ar thionscadal dar luach €54.2 milliún. 

Seoladh an tionscadal altranais pobail dhá bhliain ó shin i réigiún stairiúil Salzkammergut agus tá beirt altraí, Tanja Gattinger agus Rebecca Schachinger, fostaithe ag na bardais i gceantar Altmünster-Traunkirchen. Mar chuid dá ról, cuireann siad seirbhísí cúraim phríomhúil agus comhairleacha ar fáil do lucht na háite, agus béim á leagan acu ar fheasacht ar chúram sláinte agus ar bhearta coisctheacha. Chomhroinn siad a gcuid smaointe linn. 

Conas a tháinig an tionscadal seo chun cinn agus cén ról atá agatsa mar chuid de?  

TG: Rinne na húdaráis áitiúla in Altmünster agus Traunkirchen iarratas le chéile ar mhaoiniú chun beirt altra pobail a fhostú, rud a ceadaíodh ar an leibhéal náisiúnta. Is céimithe sláinte agus altranais ón gceantar seo muid beirt, agus mar sin bhí suim againn a bheith páirteach ann. Rinne mise iarratas nuair a chonaic mé an ról á fhógairt ag seimineár. Thosaigh Rebecca ar dtús, agus thosaigh mise thart ar dhá mhí ina dhiaidh sin. 

RS: Bhí sé mar an gcéanna domsa. Rinne mé iarratas ar bheith i m’altra pobail nuair a chonaic mé fógra folúntais bhardas Altmünster. Cuireadh tús leis i gceart i mí an Mhárta 2022, nuair a sheolamar an tionscnamh. Ó shin i leith, tá líonra de thart ar 45 chomhpháirtí forbartha againn sa réigiún agus tá cúram á chur ar fáil againn do 200 othar nó ‘cliant’ sa cheantar áitiúil. 

“Tá líonra de thart ar 45 chomhpháirtí forbartha againn sa réigiún agus tá cúram á chur ar fáil againn do 200 othar sa cheantar áitiúil.” 

– Rebecca Schachinger, Altra Pobail 

Cad iad cuid de bhuaicphointí an tionscadail nua?   

TG: I mo chás-sa, is é an chuid is fearr ná an fócas ar fheasacht agus ar chosc, chomh maith leis an mbealach uathrialach a mbímid ag obair agus muid dírithe ar riachtanais. Tá dlúthchaidrimh mhuiníneacha bunaithe againn le go leor othar, ós rud é go mbímid ag plé leo ar feadh tréimhsí níos faide. Ar dtús, bhí amhras nó mearbhall ar chuid acu faoin tionscadal, ach anois ní thugtar ach ‘na haltraí’ orainn i measc go leor den phobal áitiúil. 

RS: Táimse ag teacht leis an méid sin. Chuir an tionscnamh ar ár gcumas oibriú ar bhealach níos neamhshrianta agus ár gcuid saineolais mar altraí cáilithe a chur i bhfeidhm ar bhealach an-phraiticiúil. Nuair a fheictear dúinn go bhfuil patrúin ag teacht chun cinn i measc mhuintir na háite, is féidir linn freagairt go han-solúbtha dóibh. Mar shampla, má thugaimid faoi deara gur cosúil go dteastaíonn cóireáil nó comhairle i dtaca le diaibéiteas ó go leor othar, is féidir linn ár gcur chuige a chur in oiriúint do na riachtanais sin. 

Cad é an rud is mó a thaitníonn le muintir na háite faoin altranas pobail? 

TG: Sílim go dtuigeann muintir na háite gur cúram ísealtairseach atá á chur ar fáil agus go bhfuil sé éasca leas a bhaint as. Tá beirt againn ann ar bhonn lánaimseartha, agus is féidir teacht orainn ón Luan go dtí an Aoine. Cuirimid coinní ar fáil tráthnóna freisin, agus tugaimid cuairt ar roinnt othar sa bhaile. Forbraímid pleananna cúraim aonair, rud a chiallaíonn gur féidir linn cur chuige níos iomlánaíche a thairiscint. 

RS: Sílim féin go pearsanta go bhfuil sé níos éasca ag go leor daoine toisc go mbraitheann siad go bhfuil aithne cheart acu orainn. Tá cineál teagmháil phearsanta ann. Is as an gceantar seo don bheirt againn, óir tháinig muid i méadaíocht in Altmünster agus Traunkirchen. I ngeall air sin, tá dlúthchaidreamh againn le daoine áitiúla. Ní bhíonn leisce orthu teagmháil a dhéanamh linn. Is lú an eagla a bhraitheann siad agus tá iontaoibh chomharsanúil de chineál éigin idir iad agus muidinne.  

“Ba mhaith linn a chinntiú go bhfanfaidh daoine aclaí agus sláintiúil agus gur féidir leo leanúint ar aghaidh ag maireachtáil ina dtithe féin chomh fada agus is féidir.” 

– Tanja Gattinger, Altra Pobail 

Cad é an tionchar ba mhó a bhí ag an tionscadal?  

TG:  Deir daoine linn go bhfuil an cúram sláinte níos feiceálaí agus níos inrochtana dá bharr. Nuair a bhíonn imní orthu faoi chúrsaí sláinte, nó nuair a bhíonn comhairle ag teastáil óna gcúramóirí nó óna dteaghlach, is féidir leo teagmháil a dhéanamh linn go héasca. Tá an tionscadal deartha chun cuid den ualach ar an gcóras sláinte a mhaolú san fhadtéarma. Trí fheasacht agus bearta coisctheacha níos fearr a chur chun cinn, ba mhaith linn a chinntiú go bhfanfaidh daoine aclaí agus sláintiúil agus gur féidir leo leanúint ar aghaidh ag maireachtáil ina dtithe féin chomh fada agus is féidir. 

RS: Tá mise den tuairim chéanna. Aon duine a ghlaonn ar ár seirbhísí anois, bíonn teacht acu ar shaineolas áitiúil agus, dá réir sin, ar an líonra níos leithne. Na seirbhísí a chuireann muid ar fáil, is sampla iad de chúram ísealtairseach atá saor in aisce agus bunaithe ar riachtanais. Nuair a bhíonn rud éigin ag teastáil ó dhaoine nó nuair a bhíonn ceist acu, is féidir leo teagmháil a dhéanamh linn agus an chéad chéim a thógáil go héasca. Trí stíl mhaireachtála níos sláintiúla a chur chun cinn, cuirimid in iúl do dhaoine freisin gur féidir leo difríocht dhearfach a dhéanamh dá sláinte.  

Leis an infheistíocht sin, roghnaigh an Ostair cistí NextGenerationEU a ghiaráil chun tús áite a thabhairt don altranas pobail. Trí scéimeanna den sórt sin a mhaoiniú ar fud na tíre, tá sé ag cur rochtain níos éasca ar chúram ar ardchaighdeán ar fáil i gceantair iargúlta agus ag maolú brú ar an gcóras sláinte. I ndeireadh na dála, is léiriú é sin ar cheann de phríomhspriocanna NextGenerationEU; cúram sláinte agus athléimneacht institiúideach a neartú chun leasa na saoránach sna blianta amach romhainn. 

Sonraí

Dáta foilsithe
17 Meitheamh 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Location
  • An Ostair