Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
NextGenerationEU
Alt nuachta31 Eanáir 2024Ard-Stiúrthóireacht na CumarsáideAm léitheoireachta: 7 nóiméad

Faradh a fhearadh: Faradh cábla grianchumhachtaithe faoin tuath sa Chróit

Tá NextGenerationEU ag cabhrú le tíortha todhchaí níos glaise, níos inbhuanaithe agus níos digití a mhaoiniú. Cé go bhfuil go leor de thionscadail na scéime fós ar siúl nó á n-athbhreithniú, tá cuid acu curtha i gcrích cheana féin, rud a chuireann feabhas ar shaol na saoránach áitiúil. Ceann de na tionscadail sin is ea faradh cábla ar cuireadh ceann nua ina áit le déanaí in Križnica na Cróite. Labhraíomar leis an oibreoir fartha áitiúil, Josip Sesvečan, agus d’inis sé níos mó dúinn faoi shábháilteacht, éifeachtúlacht agus iontaofacht an tsoithigh nua, agus faoin gcaoi ar chuir siad sin feabhas ar an tsoghluaisteacht áitiúil agus an chaoi a rabhthas in ann tuilleadh forbartha réigiúnaí a dhéanamh dá mbarr. 

Tá sráidbhaile Križnica suite feadh theorainn na hUngáire, laistigh den bhardas Pitomača in oirthuaisceart na Cróite, agus tá sé i gcroílár Anaclann Bhithsféir Mura-Drava-an Danóib agus Pháirc Réigiúnach Mura-Drava. Tá droichead coisithe ann is féidir le cónaitheoirí Križnica a úsáid chun an Drava a thrasnú go sábháilte de shiúl na gcos nó ar rothar, ach go dtí le déanaí, is trí fharadh cábla caoga bliain d’aois a rinne feithiclí agus innealra an turas sin. Faoi Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta (RRP) na Cróite, arna mhaoiniú ag NextGenerationEU, suiteáladh faradh cábla úrnua atá á gcumhachtú ag an ngrian, rud a cuireadh in ionad samhail atá ag dul in aois agus atá as dáta. Tá an ceann nua ag cur feabhas ar chomaitéireacht laethúil mhuintir na háite. 

Is láithreán oidhreachta nádúrtha é an ceantar timpeall ar Križnica, agus saibhreas beatha ainmhíoch agus plandaí ann. Mar chuid de líonra criosanna cosanta NATURA 2000 na hEorpa le haghaidh speicis luachmhara agus speicis faoi bhagairt, tá sé ina cheann scríbe tarraingteach do thurasóirí. Osclaíodh an t-ionad léirmhínithe áitiúil i mí an Mhárta 2023, agus líon méadaitheach cuairteoirí á tharraingt aige. Lasmuigh den turasóireacht, tá an geilleagar áitiúil ag brath go mór ar thalmhaíocht, agus feirmeacha teaghlaigh ag táirgeadh glasraí, torthaí agus gránaigh. Chun feithiclí pearsanta agus feithiclí lasta a iompar, chomh maith le hinnealra agus earraí talmhaíochta, an t-aon rogha atá ann chun an abhainn a thrasnú ná ar fharadh cábla.  

Cuireadh an faradh cábla ar scor ar deireadh anuraidh, tar éis é a bheith i bhfeidhm ó bhí 1974 ann. Mar gheall ar dheisiú agus cothabháil rialta, ní fhéadfadh sé freastal ar riachtanais an phobail áitiúil a thuilleadh. Mar thoradh air sin, choimisiúnaigh bardas Pitomača soitheach nua faoi chumhacht gréine faoi phlean téarnaimh agus athléimneacha na tíre, agus luach infheistíochta €906,438.96 air. Ar theacht i bhfeidhm dó i mí an Mhárta 2023 bhí tionchar láithreach aige ar chomaitéireacht laethúil agus ar chaighdeán saoil mhuintir na háite. Fear amháin a bhain tairbhe dhíreach as ná fostaí bharda caighdeán na beatha, Josip Sesvečan, a chaith 32 bliain ag obair ar an seanfharadh. Anois agus é i mbun an fhartha nua, shuíomar síos leis chun a chuid tuairimí a fháil: 

Cén bhaint atá agat leis an tionscadal agus cad é a shíleann tú faoi? 

JS: Táim an-ghar don tionscadal. D’oibrigh mé ar an seanfharadh ar feadh 32 bliain agus táim ag oibriú ar an gceann nua in éineacht le ceathrar comhghleacaithe. Is mise an t-uachtarán ar an gcomhairle áitiúil in Križnica chomh maith, agus is san áit seo atá cónaí orm ar feadh mo shaoil ar fad. Tá gach rud tar éis dul i bhfeabhas ó cuireadh an faradh nua i bhfeidhm. Ba lú ar fad an seanfharadh agus ní raibh sé chomh slán céanna mar gheall ar chaitheamh agus cuimilt. Is abhainn thapa chumhachtach í an Drava, agus in amanna is turas dúshlánach fartha a bhíonn ann i ngeall ar an fánsruth. Mar oibreoirí, caithfimid réamhchúraimí go leor a ghlacadh. Seachas leibhéil uisce, caithfimid a bheith airdeallach ar thamhain, ar bhrainsí agus ar rudaí eile den sórt is féidir teacht amach ón abhainn agus damáiste a dhéanamh do pháirteanna den fharadh má éiríonn siad gafa thíos faoi na pontúin. Is fusa agus is sábháilte atá an loingseoireacht agus an t-iompar a bhuí leis an soitheach nua, agus is mór againne an méid sin, na daoine a oibríonn ar an bhfaradh nó a úsáideann é gach lá. Mar fharantóir, is mise atá freagrach as sábháilteacht na bpaisinéirí agus a gcuid earraí, mar sin is socra agus is muiníní a bhím le gach imeacht. 

Cad iad cuid de bhuaicphointí an fhartha nua? Cé na fadhbanna a réitigh sé? 

JS: Laghdaíodh an obair fhisiceach chomh híseal agus is féidir, ós rud é gur feabhsaíodh go leor córas a bhuí le mótair leictreacha a chumhachtaítear le painéil ghréine ar dhíon an fhartha. Déanann na mótair seo an cábla a dhéanamh níos doichte, rud a chinntíonn go n-ailínítear an faradh i gceart, agus tugann braiteoirí foláireamh dúinn nuair a bhíonn uisce ag teacht ar bord. Do na hoibritheoirí tá i bhfad níos lú saothair láimhe ann ná mar a bhí roimhe seo. Tá acmhainn ualaigh níos airde ag an bhfaradh nua freisin; iompraíonn sé idir ocht agus deich bhfeithicil agus suas le 50 paisinéir. D’fhéadfadh an seanfharadh 20 paisinéir ar a mhéad a iompar agus bhí sé i bhfad ní b’íogaire maidir le hathruithe ar leibhéil uisce, agus baol ann go ndéanfaí damáiste d’fheithiclí agus iad ag dul ar bord agus ag tuirlingt de. Ar an gcúis seo amháin, sheachain roinnt daoine é a úsáid nuair ab fhéidir. Ní bhaineann sé sin le cúrsaí anois, áfach, mar go bhfuil an faradh nua sábháilte agus iontaofa, agus tá sé i bhfad níos éasca dul ar bord agus tuirlingt de. Mar oibreoirí, tá níos mó ama againn anois chun díriú ar mhonatóireacht a dhéanamh ar leibhéil uisce, ar chúnamh a thabhairt do phaisinéirí ó thaobh lódála, agus ar shábháilteacht agus compord na bpaisinéirí a chinntiú. Is díol dóchais é seo do chónaitheoirí agus do thurasóirí araon. 

Cad iad na hathruithe ba mhaith leatsa a fheiceáil i do réigiún mar thoradh ar an tionscadal seo? 

JS: Na daoine áitiúla a úsáideann an faradh go rialta, tá siad ar an eolas faoi thábhacht an tionscadail ó bhí an tús ann. Bhí suim mhaith acu ceann nua a chur in ionad na seansamhla, ceann nua-aimseartha atá níos forbartha ó thaobh na teicneolaíochta de. Cosúil le gach duine eile, is mór acu sábháilteacht agus iontaofacht an iompair fartha, agus bhí géarghá le ceann nua le fada an lá. Tá súil agam agus creidim go spreagfaidh an faradh nua cónaitheoirí áitiúla chun leanúint de mhaireachtáil anseo agus obair a dhéanamh anseo, mar éascóidh sé a saol laethúil agus an chomaitéireacht chuig áiteanna eile sa tír. Sílim freisin go gcuirfidh sé an turasóireacht chun cinn agus go gcuirfidh sé borradh faoi ghníomhaíochtaí nua a fhorbairt in Križnica, rud a osclóidh ár mbardas do na réigiúin lasmuigh de Pitomača. 

Níl i bhfaradh cábla Križnica ach rud amháin i liosta fada tionscadal a mhaoinítear le plean téarnaimh agus athléimneachta na Cróite. Cé go bhfuil sainréimse fócais ag gach ceann acu i gcomparáid leis na tosaíochtaí náisiúnta agus na riachtanais áitiúla, rannchuidíonn gach ceann acu le hathléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta na tíre a threisiú, agus dlús á chur ag an am céanna leis an aistriú digiteach agus leis an aistriú glas. D’fhéadfadh maoiniú den sórt sin a bheith ríthábhachtach do phobail bheaga amhail Križnica agus bardas Pitomača, ós rud é go leithdháiltear acmhainní a bhfuil géarghá leo chun ceantair iargúlta a oscailt agus borradh a chur faoin bhforbairt áitiúil. Leagann an faradh cábla nua bonn láidir do thodhchaí an cheantair, agus tugtar do chónaitheoirí modh iompair níos iontaofa, níos sláine agus níos cairdiúla don chomhshaol ar fud an Drava. Beidh tábhacht mhór leis sin do thionscail thraidisiúnta áitiúla amhail an talmhaíocht, agus ag an am céanna cuirfidh sé ar chumas na n-údarás áitiúil, na gcónaitheoirí agus na ngnólachtaí a n-uaillmhianta a shaothrú ó thaobh turasóireachta agus fóillíochta de.

Sonraí

Dáta foilsithe
31 Eanáir 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide