Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
NextGenerationEU
  • Alt nuachta
  • 1 Iúil 2024
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 4 nóiméad

Fás amach anseo: Athfhoraoisiú sa tSeicia a chuireann an aeráid san áireamh

Tá pacáiste spreagtha NextGenerationEU ag cuidiú chun an t-aistriú glas a chumhachtú agus fás cliste inbhuanaithe cuimsitheach a chur chun cinn. Sa tSeicia, tá maoiniú ó NextGenerationEU nach lú ná €360 milliún á infheistiú i bhforaoisí atá athléimneach ó thaobh na haeráide de. Príomhthosaíocht is ea limistéir ghlasa a athbheochan agus foraoiseacht atá níos neamhdhíobhálaí don bhithéagsúlacht a shaothrú tar éis inmhíoluithe tubaisteacha ciaróg coirte. 

Bhuail inmhíolú den chineál sin Lesní družstvo obcí Měřín, an comharchumann foraoiseachta agus limistéar coillearnaí timpeall Měřín, Vysočina, le déanaí, agus leagadh líon crann gan áireamh dá dheasca sin. Tá speicis éagsúla crann dúchasach á n-athphlandú ag an gcomharchumann anois, le maoiniú ó fhoinsí éagsúla, NextGenerationEU san áireamh. Ó cuireadh tús leis an obair in 2021, tá breis agus 230 heicteár foraoise athphlandaithe ag an gcomharchumann. Labhraíomar le Pavel Bambula, an bainisteoir foraoise, chun a thuairimí a chloisteáil. 

An féidir leat cur síos a dhéanamh ar an tionscadal? Cén dóigh ar chuidigh maoiniú NextGenerationEU? 

PB: Níl in NextGenerationEU ach foinse maoinithe amháin, ach foinse thábhachtach atá ann. Gan maoiniú ón Aontas Eorpach, bheadh sé deacair athfhoraoisiú a dhéanamh anseo. Tar éis an inmhíolaithe scriosadh an chuid is mó den talamh. Chun athghiniúint a dhéanamh, táimid ag bogadh ar shiúl ó mhonashaothrú trí speicis chrainn chomhlántacha éagsúla a phlandú, ó chineálacha bunúsacha go cineálacha duillsilteacha a ‘fheabhsaíonn’ an ithir, nó a chóiríonn í, amhail crainn darach agus seiceamair. 

Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach bogadh ar shiúl ó mhonashaothrú? 

PB: Tá foraoisí measctha níos athléimní i gcoinne ciaróga coirte agus dálaí crua. Mar sin féin, trí athphlandú a dhéanamh go hiomlán ar an mbealach sin, is féidir fadhbanna a chruthú don fhiadhúlra agus do ghnáthóga. Mar thoradh air sin, ní dhéanaimid ach speicis crann measctha a phlandú i limistéir a bhfuil tródam curtha orthu. Is iad na crainn bhuaircíneacha an plandú príomhúil go fóill, sin timpeall 60% den mhéid a phlandálaimid, agus píosaí beaga de speicis níos éagsúla thart timpeall orthu sin ann. 

‘Gan maoiniú ón Aontas Eorpach, bheadh sé deacair athfhoraoisiú a dhéanamh anseo.’ 

– Pavel Bambula, Bainisteoir Foraoise  

An éiríonn leis na plandálacha go léir nó an bhfuil céatadán ann nach mór a athphlandú? 

PB: Ní éireoidh ar an gcéad dul síos le thart ar 5-10% de na crainn a phlandaítear. Bíonn tionchar trí chéile ag an deascadh, dálaí aeráide, na séasúir, agus caighdeán an chrainn óig a fhaighimid. Chomh maith leis sin, bíonn tionchar ag na hoibrithe a phlandálann na crainn ar an ráta marthanais, mar d’fhéadfaidís a bheith ródhian in amanna agus iad ag láimhseáil na gcrann. Sin rud nach féidir linn maoirseacht iomlán a dhéanamh air, i gcás oibríochtaí mórscála den sórt seo. 

An raibh mórán deacrachtaí ann sa tionscadal seo? 

PB: Bhí ár gcion féin díobh againn. Rinne creimirí damáiste do na crainn óga, toisc go bhfuil méadú tagtha ar a ndaonra sna limistéir thalmhaíochta máguaird. Bhí bacainní riaracháin ann freisin, agus iarratas á dhéanamh againn ar mhaoiniú ó fhoinsí éagsúla, agus rialacha ann lena rialaítear cé na crainn is féidir linn a phlandú agus cé na háiteanna inar féidir linn iad a phlandú. Bhí sé deacair, mar shampla, cead a fháil chun crainn darach a phlandú ag an bhfíorairde sin. 

‘Déanfar inmharthanacht fhadtéarmach na foraoise a fheabhsú ach bogadh ar shiúl ó mhonashaothrú.’ 

– Pavel Bambula, Bainisteoir Foraoise  

Cad é atá i ndán don fhoraois? An mbeidh buntáistí eacnamaíocha fadtéarmacha ag baint leis an tionscadal? 

PB: Déanfar inmharthanacht fhadtéarmach na foraoise a fheabhsú ach bogadh ar shiúl ó mhonashaothrú. Tá os cionn milliún crann óg plandaithe againn ó 2021 i leith, agus cuireann athfhoraoisiú ar mhórscála fostaíocht áitiúil ar fáil. Ba cheart limistéir fóillíochta a fhorbairt chun leas a bhaint as an turasóireacht, rud atá fós teoranta i láthair na huaire. D’fhéadfadh úinéirí talún áitiúla a machnamh a dhéanamh ar imeachtaí a reáchtáil freisin. Ar an iomlán, le foraoise mhéith shláintiúil ní bhíonn ann ach buntáistí.

In ionad spriocanna eacnamaíocha gearrthéarmacha agus réitigh mhonashaothraithe, cuireann NextGenerationEU fás inbhuanaithe agus meas ar an gcomhshaol nádúrtha chun cinn. A bhuí le maoiniú den sórt sin, is léiriú é tionscnamh athfhoraoisithe Lesní družstvo obcí Měřín den infheistíocht chliste in acmhainn nádúrtha. Trí éagsúlú a dhéanamh ar speicis crann agus trí thalamh a athshlánú ar bhealach níos inbhuanaithe, tugann an tionscadal seans níos fearr do mhuintir na háite leas a bhaint as na buntáistí a bhaineann leis sna blianta amach romhainn. 

Sonraí

Dáta foilsithe
1 Iúil 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Location
  • An tSeicia