Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
NextGenerationEU
An Eoraip. Lárionad cumhachta na teicneolaíochta glaine.

Cad atá i bpáirt ag geilleagar láidir agus bullamhargadh? Teicneolaíocht ghlan.

Is éard atá in NextGenerationEU ionstraim téarnaimh shealadach ar fiú €806.9 billiún* í atá ceaptha borradh a chur faoin téarnamh agus ár ngeilleagair agus ár sochaithe a athrú chun go mbeidh siad níos nua-aimseartha agus níos athléimní.     

Agus NextGenerationEU ag díriú go láidir ar éascú a dhéanamh ar an aistriú i dtreo geilleagar glas digiteach, tá nasc nádúrtha ann le cur chun cinn na teicneolaíochta glaine ar mhaithe le geilleagar níos inbhuanaithe agus níos iomaíche don Aontas.  

Picture of Ursula von der Leyen

Beidh an lámh in uachtar san iomaíocht acu siúd a fhorbróidh agus a mhonaróidh an teicneolaíocht a bheidh ina bhunús do gheilleagar na todhchaí.

Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh

Is é NextGenerationEU an ‘chumhacht infheistíochta’ le haghaidh aistriú glas an Aontais, lena gcuirtear deiseanna ar fáil do ghnólachtaí de gach méid a n-oibríochtaí agus a n-uaillmhianta glan-nialasacha a uas-scálú in éiceachóras glan-nialasach an Aontais dar luach breis agus €100 billiún cheana féin in 2021, rud ar mhéadaigh a luach faoi dhó ó bhí 2020 ann. Rachaidh sé chun tairbhe do ghníomhaíochtaí gnólachtaí freisin trí sholáthar fuinnimh slán inacmhainne inbhuanaithe a chumasú, agus trí mhéadú a dhéanamh ar infhaighteacht na réiteach teicneolaíochta glaine is gá chun a dtionchar ar an gcomhshaol a laghdú. 

*Tá an figiúr sin i bpraghsanna reatha. €750 billiún atá ann i bpraghsanna 2018. 

 

An bealach chun na haeráidneodrachta

Is í an teicneolaíocht ghlan atá i gcroílár Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais darb aidhm an leas is fearr is féidir a bhaint as an acmhainneacht ghlan-nialasach trí thionscal an Aontais Eorpaigh a athrú ó bhonn le spriocanna uaillmhianacha. 

Os cionn €100 billiún
an luach a bhí le héiceachóras gnólachtaí glan-nialasacha nuathionscanta an Aontais in 2021, agus tháinig méadú faoi dhó air ó bhí 2020 ann
Os cionn 400 GW
acmhainneacht táirgeachta fuinnimh in-athnuaite gaoithe agus gréine san Aontas in 2022, ar méadú os cionn 25% é i gcomparáid le 2020
4.5 milliún
post glas i ngeilleagar na hEorpa in 2019, ar méadú é ó na 3.2 milliún post a bhí ann in 2000

NextGenerationEU le haghaidh na teicneolaíochta glaine

Faoi NextGenerationEU, leis na 27 bplean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta arna gcistiú ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF), cuirtear tuairim is €250 billiún ar fáil le haghaidh bearta glasa, a bhfuil infheistíochtaí san áireamh atá curtha i leataobh chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus chun tacú le tionscadail ghlasa. 

Ar an iomlán, le NextGenerationEU agus leis an teicneolaíocht ghlan cuirtear deiseanna suntasacha ar fáil do ghnólachtaí rannchuidiú le todhchaí níos inbhuanaithe agus tairbhí eacnamaíocha a ghiniúint ag an am céanna. Trí leas a bhaint as an móiminteam atá ann faoi láthair, is féidir le gnólachtaí rath fadtéarmach a bhaint amach i dtimpeallacht eacnamaíoch dhomhanda atá ag athrú go tapa. 

Le NextGenerationEU, táimid ar thús cadhnaíochta chun an aeráidneodracht a bhaint amach trí réabhlóid na teicneolaíochta glaine! 

Féach leat an méid a dhéanaimid trí amharc ar ár léarscáil tionscadail agus ar rogha de thionscadail thrasnáisiúnta a bhaineann leis an teicneolaíocht ghlan: 

Tionscadail ábhartha

hydrogen installation
Le €1.5 billiún ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, tacófar le roinnt de na 62 thionscadal fhoriomlána sa Ghearmáin, mar chuid de thionscadal uile-Eorpach lena gcuirfear borradh margaidh shlabhra luacha na hidrigine glaise chun cinn, lena bhféachfar le tionscadail hidrigine Eorpacha a...
Semiconductors icon
Le €2.5 milliún ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, méadófar athléimneacht shlabhraí luacha leathsheoltóirí na Slóivéine mar chuid de thionscadal iltíre níos leithne, lena nascfar próisis náisiúnta agus próisis an Aontais agus lena neartófar slabhra luacha micrileictreonaice an Aontais.