Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
NextGenerationEU

Trí infheistíocht a dhéanamh i dtodhchaí na hEorpa, fíoraímis í

Cuireadh NextGenerationEU ar bun chun an damáiste eacnamaíoch agus sóisialta a rinneadh de dheasca phaindéim COVID-19 a dheisiú. Trí na tionscadail infheistíochta a maoinítear leis, tá an tAontas Eorpach ag leagan síos an treoirphlean le haghaidh todhchaí níos glaise, níos digití agus níos athléimní. 

Is í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) croílár an phacáiste spreagtha ollmhór seo – an ceann is mó a maoiníodh riamh san Eoraip – trína leithdháiltear an chuid is mó den mhaoiniú i bhfoirm iasachtaí agus deontas.  

Cistí a leithdháiltear trí Rialachán RRF

€291 bhilliún
ar fáil mar iasachtaí
€357 mbilliún
ar fáil mar dheontais
€648 bhilliún*
an infheistíocht fhoriomlán, ag praghsanna 2022

*Sin é an t-uasmhéid dá bhforáiltear i Rialachán RRF.

Tá Pleananna Náisiúnta cuimsitheacha Téarnaimh agus Athléimneachta (RRPanna) forbartha ag gach tír san Aontas darb aidhm maoiniú NextGenerationEU a leithdháileadh ar a riachtanais shonracha. Tá na cistí sin dírithe ar réimse éagsúil tionscadail infheistíochta agus tionscnaimh infheistíochta, a bhfuil go leor acu curtha i gcrích cheana féin. 

Ó fharadh cábla grianchumhachtaithe faoin tuath sa Chróit go dtí bonneagar rothaíochta nuachóirithe ar fud thuaisceart na Beilge, tá athrú dearfach á chur chun cinn ag NextGenerationEU sa lá atá inniu ann agus tá an t-ullmhúchán á dhéanamh le haghaidh todhchaí níos inbhuanaithe, ina bhfuil sé phríomhréimse fócais:  

Le hinfheistíocht sna réimsí sin, cruthófar poist agus spreagfar fás in earnálacha ríthábhachtacha den gheilleagar atá dírithe ar an todhchaí. Cuideoidh sé le hEoraip níos digití a thógáil, agus san am céanna tacóidh sé leis an aistriú chuig fuinneamh níos glaine agus leagfaidh sé síos an bealach chun an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050.  

Ursula von der Leyen -  placeholder pictures

I dteannta a chéile, tá sé léirithe againn go mbaintear torthaí amach nuair a bhíonn an Eoraip ceannasach. Níl deireadh lenár gcuid oibre go fóill, ach a mhalairt ar fad, mar sin seasaimis le chéile. Déanaimis beart de réir ár mbriathair inniu agus ullmhaímis don lá amárach.

Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh

Déan monatóireacht ar dhul chun cinn gach tíre leis an Scórchlár Téarnaimh agus Athléimneachta agus faigh léargas ar thionscadail a mhaoinítear i ngach Ballstát. Féach ar ár léarscáil idirghníomhach thíos chun sonraí sonracha a fháil faoi thionscadail i do réigiún féin: 

Féach leat tionscadail i do thír féin

NextGenerationEU i mbun gnímh

Ó mhí Feabhra 2024 i leith, tá an Coimisiún Eorpach ag comhoibriú go díreach lena Ionadaíochtaí i roinnt tíortha san Aontas chun aird a tharraingt ar thionchar na dtionscadal arna maoiniú ag NextGenerationEU i bpobail áitiúla, trí fheachtais chumarsáide áitiúla. Leis na feachtais áitiúla sin, táthar ag féachaint le dul i dteagmháil go díreach le saoránaigh agus le tairbhithe tionscadail, agus leas á bhaint as bealaí éagsúla chun na nuálaíochtaí agus an bonneagar atá á gcur ar bun ar bhonn intíre don todhchaí a léiriú le cabhair ó NextGenerationEU.   

Agus luach infheistíochta €690,000 air, tá ionad seirbhísí teilileighis Telecordis i gContae Koprivnica-Križevci ag cinntiú go bhfuil seirbhísí diagnóiseacha den chéad scoth ar fáil d’othair. Tugann an tsaoráid nua acmhainní riachtanacha do phobail níos iargúlta.
Faoi Phlean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta na Cróite, leithdháileadh os cionn €900,000 chun faradh cábla grianchumhachtaithe a chur i gcrích i mbardas Pitomača. Leis an soitheach nua tá sé níos éasca dul chuig an ceantar áitiúil agus imeacht uaidh, agus cuireann sé iompar sábháilte iontaofa...