
Mar an gcéanna le gach tír eile san Aontas, tá an Laitvia ag dul i ngleic le dúshláin a eascraíonn as saol atá ag éirí níos digití. Chun aghaidh a thabhairt orthu sin, tá beagnach an ceathrú cuid dá maoiniú NextGenerationEU á caitheamh ag an tír chun an t-aistriú digiteach a chumhachtú. Ar na mórcheisteanna atá os comhair na Laitvia tá deighilt dhigiteach atá ina hábhar imní agus a bhfuil iarracht déanta dul i ngleic léi le tionscnamh náisiúnta amháin chun 35,000 ríomhaire glúine a sholáthar agus a dháileadh ar mheánscoileanna ar fud na tíre.
Is é is aidhm don tionscadal aghaidh a thabhairt ar rochtain ar dheiseanna foghlama tríd an teicneolaíocht, fadhb a dhéanann difear díréireach do roinnt saoránach, ar chúiseanna socheacnamaíocha i measc eile. Tá meánscoil uachtarach Giomnáisiam Stáit Jelgava (an ceann is sine dá leithéid sa Laitvia) ar cheann de na saoráidí a bhaineann leas as an scéim, agus 274 ríomhaire glúine faighte aici a bheidh le húsáid ag mic léinn agus múinteoirí araon. Tá an tionscnamh molta go mór ag foireann na hinstitiúide.
Roinn Zaiga Atelbauere, a mhúineann Béarla agus bainistíocht gnó, agus Nadīna Anija Poga, ollamh le TF, dearadh agus staidéir teicneolaíochta, a gcuid tuairimí linn.
An tionscadal suntasach é seo do Ghiomnáisiam Stáit Jelgava?
ZA: Sílim é. Ó thaobh modheolaíochtaí agus na teicneolaíochta de, is ábhar bróid dár scoil a praiticiúlacht; a cumas scileanna na mac léinn a fhorbairt chun iad a ullmhú don fhíorshaol agus don mhargadh saothair. Tá an digiteáil ríthábhachtach, ach tá roinnt grúpaí sóisialta faoi mhíbhuntáiste ó thaobh rochtana de. Is maith linn cothrom iomaíochta a bheith againn a oiread agus is féidir, agus teicneolaíocht ardchaighdeáin, cothrom le dáta a chur ar fáil do chách. Is féidir é sin a bhaint amach a bhuí le tionscnaimh den chineál seo.
NAP: Is mór an difear a rinne sé don chaoi a n-oibríonn agus a bhfoghlaimíonn ár gcuid daltaí. Úsáidtear na ríomhairí glúine le haghaidh réimse ábhar éagsúil, an Béarla agus na heolaíochtaí nádúrtha ina measc. Tá na ríomhairí anois mar chuid de phleananna ceachta na múinteoirí, agus is féidir leo rochtain orthu a iarraidh dóibh féin nó do na mic léinn le linn an ranga. Úsáideann siad iad chun tascanna a shannadh agus le bheith ag obair go digiteach leis na mic léinn.
“Is maith linn cothrom iomaíochta a bheith againn a oiread agus is féidir... Is féidir é sin a bhaint amach a bhuí le tionscnaimh den chineál seo.”
– Zaiga Atelbauere, Múinteoir i nGiomnáisiam Stáit Jelgava
Cad iad cuid de na buntáistí ba mhó a bhain leis an tionscadal?
ZA: Táimid go léir níos éifeachtúla, dar liom, agus déanaimid i bhfad níos lú páipéir a phriontáil ná riamh roimhe. Tá sé suimiúil go bhforbraíonn na mic léinn scileanna digiteacha beagnach gan aon iarracht a dhéanamh. A bhuíochas leis na ríomhairí, is féidir leo oibriú go neamhspleách agus go comhoibríoch, ag dul i dteagmháil lena chéile ar bhealach neamh-suaiteach. Éiríonn linn i bhfad níos mó a fháil déanta le linn an ranga freisin, rud a fhágann gur féidir obair bhaile iomarcach a sheachaint. Oibríonn na daltaí go léir ar thopaicí ag baint úsáid as na modhanna céanna, agus múinteoir ar láimh chun cabhair a thabhairt.
NAP: Tá na daltaí ag forbairt scileanna a rachaidh chun leasa dóibh i dtaca le hábhair éagsúla. Mar shampla, tá siad ag feabhsú a gcuid scileanna Excel sna ranganna eolaíochta ríomhaireachta, rud a chabhraigh leo le tionscadail taighde, go háirithe i dtaca le ríomhanna a dhéanamh nó sonraí a chur i láthair. Bhí sé an-úsáideach freisin ó thaobh obair i ngrúpaí de, toisc go gcumasaíonn sé comhoibriú go mór. Roimhe seo, ba ar a bhfóin a chuardaigh siad eolas agus is minic a bhain fógraí a n-aird dá gcuid oibre. Tá na ríomhairí glúine níos áisiúla agus níl aon fhógraí ann chun cur isteach orthu.
“Tá an digiteáil ríthábhachtach do scoileanna agus do thorthaí foghlama amach anseo, ós rud é go léiríonn sí saol an lae inniu.”
– Nadīna Anija Poga, Múinteoir i nGiomnáisiam Stáit Jelgava
An gceapann tú gurb iad tionscnaimh den chineál seo an bealach chun cinn?
ZA: Cinnte dearfa. Na scileanna digiteacha a fhaigheann daltaí sa lá atá inniu ann, rachaidh siad chun tairbhe dóibh agus iad ag déanamh a mbealach sa saol. Ní mór do scoileanna é sin a éascú. Tá scileanna digiteacha ríthábhachtach d’aon chineál rannpháirtíochta i sochaí an lae inniu agus ní i laghad a rachaidh sé sin amach anseo ach a mhalairt. Tá sé tábhachtach tionscnamh den sórt sin a chur i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta, ós rud é go gcuidíonn sé go mór leis an gcomhionannas, go geografach agus go sóisialta araon.
NAP: Táimse ag teacht leis an méid sin. Tá an digiteáil ríthábhachtach do scoileanna agus do thorthaí foghlama amach anseo, ós rud é go léiríonn sí saol an lae inniu. Chuir an tionscadal seo deis shuntasach ar fáil do scoileanna agus do mhúinteoirí sa Laitvia próisis dhigiteacha a chomhtháthú ina modhanna teagaisc agus foghlama. É sin ráite, beidh rath an tionscnaimh seo ag brath sa deireadh ar chumas na múinteoirí na próisis sin a chur i bhfeidhm go héifeachtach. Níl i soláthar acmhainní ábhartha do scoileanna ach an tús.
Tá dáileadh ríomhairí glúine ar scoileanna ar fud na Laitvia ar cheann den iliomad tionscnamh digiteála ar tugadh fúthu le cabhair ó chistiú NextGenerationEU. Tá iarrachtaí chun an bhearna dhigiteach a dhúnadh mar bhonn taca ag go leor de thionscadail na tíre chun an bonneagar teicneolaíochta a nuachóiriú agus an pobal i gcoitinne a uas-sciliú, agus faigheann riarachán poiblí, FBManna agus cláir nascachta idirlín deontais shuntasacha freisin. Trína haistriú digiteach a shaothrú go díograiseach ar an mbealach seo, tá sé mar aidhm ag an Laitvia a saoránaigh a chumasú anois chun todhchaí níos digití a chothú.
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 25 Deireadh Fómhair 2024
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
- Location
- An Laitvia