Skip to main content
NextGenerationEU
An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

An phríomhionstraim chun cabhrú le geilleagair an Aontais teacht slán as géarchéim an choróinvíris agus iad níos láidre agus níos athléimní

Cinnte a dhéanamh de go mbeidh an tAontas réidh do na dúshláin agus do na deiseanna a bheidh ann amach anseo

Is í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) croílár NextGenerationEU - ionstraim lena gcuirtear deontais agus iasachtaí ar fáil chun tacú le hathchóirithe agus infheistíochtaí i mBallstáit an Aontais.

Cuspóirí agus buntáistí

Tá an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta mar chuid de fhreagairt fhorleathan, agus cuidíonn sí chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • tionchar eacnamaíoch agus sóisialta na paindéime a mhaolú
  • cinnte a dhéanamh de go mbeidh na Ballstáit níos athléimní, níos inbhuanaithe agus níos ullmhaithe do na dúshláin agus do na deiseanna a bhaineann leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach
  • sprioc an Aontais a chomhlíonadh maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050
  • an Eoraip a chur ar chonair an aistrithe dhigitigh
  • poist a chruthú agus fás a spreagadh.

Is fiú €723 bhilliún an plean seo againne. Is é an tionscadal téarnaimh is mó san Eoraip é ó bhí Plean Marshall ann. Is é an téarnamh a theastaíonn ón Eoraip anois agus don am atá le teacht

Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh
Picture of Ursula von der Leyen

Cuireann an tSaoráid cistí ar fáil do na Ballstáit le hinfheistíocht a dhéanamh mar seo a leanas (praghsanna 2022):

€385 bhilliún
in iasachtaí
€338 mbilliún
i ndeontais
€723 bhilliún
san iomlán, le hinfheistiú in athchóirithe agus i dtionscadail

Féach leat an méid atá ag tarlú i ngach Ballstát

Green transition icon

An t-aistriú glas

díriú ar theicneolaíochtaí agus acmhainneachtaí glasa – an tsoghluaisteacht inbhuanaithe, éifeachtúlacht fuinnimh agus foinsí in-athnuaite fuinnimh, oiriúnú don athrú aeráide; an geilleagar ciorclach; agus an bhithéagsúlacht
Policies next gen Icon

Beartais don chéad ghlúin eile

feabhas a chur ar an rochtain ar an oideachas ginearálta, ar an ngairmoideachas agus ar an ardoideachas, agus a gcáilíocht a fheabhsú freisin; díriú ar an oideachas digiteach, ar oideachas agus ar chúram luath-óige; tacú le fostaíocht don aos óg
Inclusive growth Icon

Fás cliste, inbhuanaithe, agus uilechuimsitheach

an fhiontraíocht, an t-iomaíochas, an tionsclaíocht a chur chun cinn; an timpeallacht ghnó a fheabhsú, taighde, forbairt agus nuálaíocht a chothú, tacú le gnólachtaí beaga agus meánmhéide
Digital transformation icon

An t-aistriú digiteach

cur i bhfeidhm céimneach líonraí fíor-ardacmhainneachta, digitiú seirbhísí poiblí, próiseas rialtais, agus gnólachtaí, go háirithe FBManna, a chur chun cinn; scileanna digiteacha bunúsacha agus ardscileanna digiteacha a fhorbairt; tacú leis an taighde agus forbairt a bhaineann le cúrsaí digiteacha...
Social & territorial cohesion icon

Comhtháthú sóisialta agus críochach

feabhas a chur ar bhonneagar agus seirbhísí sóisialta agus críochacha, lena n-áirítear córais cosanta sóisialta agus leasa shóisialta, cuimsiú grúpaí faoi mhíbhuntáiste; tacú le fostaíocht agus le forbairt scileanna; poist ardcháilíochta chobhsaí a chruthú

Conas a oibríonn sé

Tríd an tSaoráid, ar ionstraim shealadach í, is féidir leis an gCoimisiún cistí a thiomsú - iasachtaí a fháil ar na margaí caipitil - chun cabhrú leis na Ballstáit athchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun feidhme

  • atá i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais
  • a thugann aghaidh ar na dúshláin arna sainaithint sna moltaí tírshonracha faoi chreat an tSeimeastair Eorpaigh maidir le comhordú eacnamaíoch agus beartas sóisialta.

Tháinig an tSaoráid i bhfeidhm i mí Feabhra 2021. Maoiníonn sé athchóirithe agus infheistíochtaí na mBallstát, ó thús na paindéime i mí Feabhra 2020 go dtí deireadh mhí na Nollag 2026. Chun maoiniú a fháil suas go dtí an leithdháileadh comhaontaithe, cuireann na Ballstáit a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh, ar pleananna iad ina leagtar amach na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá beartaithe acu agus atá le cur chun feidhme faoi dheireadh 2026. 

Féach ar phleananna náisiúnta, ar na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá beartaithe de réir Ballstáit.

Naisc Ghaolmhara

Plean téarnaimh don Eoraip

An Scórchlár Téarnaimh agus Athléimneachta